7. I gcás ina meastar é a bheith iomchuí maidir le feidhmíocht glantaigh nó dromchlaghníomhaí nó maidir leis na rioscaí a bhaineann leo, déanfaidh allmhaireoirí tástáil shamplach ar na glantaigh agus ar na dromchlaghníomhaithe sin, imscrúdóidh siad gearáin agus, más gá, coimeádfaidh siad clár um ghearáin maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe neamh-chomhlíontacha agus maidir le haisghairm na nglantach agus na ndromchlaghníomhaithe sin, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoin bhfaireachán sin.