3. Dáileoirí a chuireann glantaigh nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh ar fáil ar an margadh i mBallstát eile a bhfuil bileog sonraí comhábhar le soláthar ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8(6), cuirfidh siad an bhileog sonraí comhábhar faoi bhráid an chomhlachta ceaptha sa Bhallstát sin sula gcuirfidh siad an táirge ar fáil inti, agus nuashonróidh siad an bhileog sonraí comhábhar i gcás inar gá, mura féidir leo a léiriú go bhfuair an comhlacht ceaptha an fhaisnéis chéanna ó oibreoir eacnamaíoch eile cheana féin. Coinneoidh na dáileoirí an fhaisnéis atá ar an mbileog sonraí comhábhar faoi rún.