1. Más rud é, tar éis meastóireacht a bheith déanta faoi Airteagal 26(1), go gcinneann údarás faireachais margaidh cé go bhfuil glantach nó dromchlaghníomhaí i gcomhréir leis an Rialachán seo, gur riosca é do shláinte an duine nó don chomhshaol, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach mbainfidh an riosca sin níos mó leis an nglantach nó leis an dromchlaghníomhaí, nuair a chuirtear ar an margadh iad, chun iad a tharraingt siar ón margadh nó iad a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, tréimhse a leagfaidh na húdaráis faireachais margaidh síos agus a bheidh i gcomhréir le cineál an riosca sin.