+Airteagal 28 Glantaigh agus dromchlaghníomhaithe comhlíontacha ar riosca iad do shláinte an duine nó don chomhshaol
---+Airteagal 28 1
---+Airteagal 28 2
---+Airteagal 28 3
---+Airteagal 28 4
|
Airteagal 28 Glantaigh agus dromchlaghníomhaithe comhlíontacha ar riosca iad do shláinte an duine nó don chomhshaol
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1
|
1. Más rud é, tar éis meastóireacht a bheith déanta faoi Airteagal 26(1), go gcinneann údarás faireachais margaidh cé go bhfuil glantach nó dromchlaghníomhaí i gcomhréir leis an Rialachán seo, gur riosca é do shláinte an duine nó don chomhshaol, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach mbainfidh an riosca sin níos mó leis an nglantach nó leis an dromchlaghníomhaí, nuair a chuirtear ar an margadh iad, chun iad a tharraingt siar ón margadh nó iad a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, tréimhse a leagfaidh na húdaráis faireachais margaidh síos agus a bheidh i gcomhréir le cineál an riosca sin.
|
|
Airteagal 28 2
|
2. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar na bearta dá dtagraítear i mír 1 i leith na nglantach nó na ndromchlaghníomhaithe uile lena mbaineann a bheidh curtha ar fáil aige ar an margadh san Aontas.
|
|
Airteagal 28 3
|
3. Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile ar an eolas, gan mhoill, maidir le haon bheart dá dtagraítear i mír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun na glantaigh nó na dromchlaghníomhaithe lena mbaineann a shainaithint, tionscnamh agus slabhra soláthair na nglantach nó na ndromchlaghníomhaithe sin, an cineál riosca a bhaineann leo agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.
|
|
Airteagal 28 4
|
4. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na húdaráis faireachais margaidh agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear an bhfuil údar maith leis na bearta náisiúnta agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é agus do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R0405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|