3. Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile ar an eolas, gan mhoill, maidir le haon bheart dá dtagraítear i mír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun na glantaigh nó na dromchlaghníomhaithe lena mbaineann a shainaithint, tionscnamh agus slabhra soláthair na nglantach nó na ndromchlaghníomhaithe sin, an cineál riosca a bhaineann leo agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.