7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear Iarscríbhinn IV chun ceanglais chomhchuibhithe a leagan amach, lena n-áirítear formáid chomhchuibhithe, maidir leis an gcaoi leis an mbileog sonraí comhábhar a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 8(6), Airteagal 9(4), pointe (a), Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(3), agus chun mionsonraí na cumarsáide sin agus na coinníollacha lena gceanglaítear nuashonrú a dhéanamh ar bhileog sonraí na gcomhábhar a leagan amach. Agus na ceanglais, na sonraí agus na coinníollacha sin á bhforbairt aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le rochtain éifeachtach ar bhileog sonraí na gcomhábhar ag comhlachtaí ceaptha a áirithiú, chomh maith leis an ngá atá leis an ualach riaracháin a choinneáil chomh beag is féidir.