11. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear Iarscríbhinn V, a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis faoi lipéadú, nach gceadaítear d’oibreoirí eacnamaíocha a sholáthar ach ar bhonn digiteach i gcomhréir le hAirteagal 17(2), chun an Iarscríbhinn sin a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus do leibhéal na hullmhachta digití atá ag úsáideoirí deiridh glantach agus dromchlaghníomhaithe. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú.