+Airteagal 3 Modheolaíocht choiteann chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
---+Airteagal 3 4
---+Airteagal 3 5
---+Airteagal 3 6

Airteagal 3 Modheolaíocht choiteann chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1

1.   Déanfar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh ar bhonn na modheolaíochta coitinne de réir bhrí EN ISO 14083:2023 – Gáis ceaptha teasa – Cainníochtú agus tuairisciú astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as oibríochtaí slabhra iompair (‘an caighdeán EN ISO’), sa leagan atá cothrom le dáta, mar a shonraítear sa Chaibidil seo.

Airteagal 3 2

2.   Tráth nach déanaí ná an 3 Nollaig 2033 déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le coigeartú a dhéanamh ar aon chomhpháirt den chaighdeán EN ISO.

Airteagal 3 3

3.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, seiceáil comhlíontachta a sheoladh chun measúnú a dhéanamh ar aon leasú ar an gcaighdeán EN ISO.

Airteagal 3 4

4.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí leasuithe ar an gcaighdeán EN ISO nó ar aon chomhpháirt de dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a shainaithint, ar leasuithe iad lena gcruthaítear riosca follasach go mbeidh neamhréireacht ann le cuspóirí an Rialacháin seo agus le dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe le Rialachán (AE) 2021/1119, agus nach mbeidh feidhm acu, dá bhrí sin.

Airteagal 3 5

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán EN ISO, bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo agus ar an tseiceáil comhlíontachta dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Airteagal 3 6

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an mhodheolaíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shoiléiriú agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go haonfhoirmeach í ar an margadh a mhéid a bhaineann leis an gcur chuige chun paraiméadair iomchuí atá ábhartha maidir le hastaíochtaí a chinneadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh sula soláthraítear seirbhís iompair, agus, i gcás inarb infheidhme, chun paraiméadair theicniúla eile a leagan síos a bhaineann le leithdháileadh astaíochtaí gás ceaptha teasa nó comhiomlánú eilimintí sonraí nach mínítear go sainráite sa mhodheolaíocht choiteann sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R1030
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.