+Airteagal 13 Gníomhaíochtaí fíorúcháin
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4
---+Airteagal 13 5
---+Airteagal 13 6
---+Airteagal 13 7
---+Airteagal 13 8
---+Airteagal 13 9

Airteagal 13 Gníomhaíochtaí fíorúcháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1

1.   Fíoróidh an comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 iontaofacht, inchreidteacht, comhlíonadh agus cruinneas na sonraí aschuir arna nochtadh ag eintitis iompair agus mhoil agus ag idirghabhálaithe sonraí a ríomhann astaíochtaí.

Airteagal 13 2

2.   Fíoróidh an comhlacht um measúnú comhréireachta an gcomhlíontar, leis na sonraí aschuir a nochtar, na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 3 go 9, bunaithe ar an bhfianaise dá dtagraítear in Airteagal 10(5). Leis an bhfíorú sin, tabharfar aghaidh ar an méid seo a leanas:

(a)

an modh ríomha a úsáideadh;

(b)

foinsí na sonraí ionchuir a úsáideadh chun iad a ríomh;

(c)

cruinneas an ríomha a rinneadh;

(d)

na méadrachtaí coiteanna a cuireadh i bhfeidhm.

Airteagal 13 3

3.   I gcás ina n-úsáidtear uirlisí ríomha seachtracha, déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta a ndeimhnithe comhréireachta féin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a chur san áireamh.

Airteagal 13 4

4.   I gcás ina sainaithneofar san fhíorú ríomhanna míchearta nó neamhchomhlíonadh Airteagail 3 go 9, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na heintitis iompair agus mhoil agus na hidirghabhálaithe sonraí lena mbaineann ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. Ceartóidh na heintitis iompair agus mhoil agus na hidirghabhálaithe sonraí sin an ríomh ina dhiaidh sin nó leigheasfaidh siad aon neamh-chomhréireachtaí chun gur féidir an fíorú a chur i gcrích.

Airteagal 13 5

5.   Soláthróidh na heintitis iompair agus mhoil agus na hidirghabhálaithe sonraí aon fhaisnéis bhreise don chomhlacht um measúnú comhréireachta a chuirfidh ar a chumas an fíorú a dhéanamh. Féadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta seiceálacha a dhéanamh le linn an fhíoraithe chun iontaofacht na sonraí agus na ríomhanna a chinneadh.

Airteagal 13 6

6.   Tar éis an fíorú a chur i gcrích, déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta, i gcás inarb iomchuí, cruthúnas comhlíontachta a tharraingt suas lena ndeimhneofar go gcomhlíonann na sonraí aschuir na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo agus ina sonrófar an bhfuil sonraí príomhúla á n-úsáid ag na heintitis iompair agus mhoil agus na hidirghabhálaithe sonraí.

Airteagal 13 7

7.   Déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann liosta cothrom le dáta a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun de na heintitis iompair agus mhoil agus de na hidirghabhálaithe sonraí, a ndearnadh an fíorú orthu de bhun an Airteagail seo. Faoin 31 Márta gach bliain, tabharfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta fógra don Choimisiún faoin liosta sin.

Airteagal 13 8

8.   I gcásanna ina mbeidh sonraí aschuir fíoraithe cheana féin faoi ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le fíorú na sonraí aschuir, agus lena n-áirithítear go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, measfar na sonraí aschuir sin a bheith fíoraithe de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 13 9

9.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le fíorú na sonraí aschuir, minicíocht iomchuí an fhíoraithe sin agus an cruthúnas comhlíontachta gaolmhar. Áireofar sna rialacha sin forálacha a bhaineann leis an bhfianaise dá dtagraítear in Airteagal 10(5) agus na cearta cumarsáide a bhaineann le húsáid na sonraí príomhúla dá dtagraítear in Airteagal 10(4). Agus na rialacha sin á leagan síos aige, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar chritéir oibiachtúla, lena n-áirítear cineál agus scála na seirbhíse iompair lena mbaineann, an riosca coibhneasta neamhchomhlíonta, agus an gá atá le hualaí riaracháin díréireacha a sheachaint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R1030
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.