+Airteagal 15 Nósanna imeachta creidiúnúcháin
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
---+Airteagal 15 5

Airteagal 15 Nósanna imeachta creidiúnúcháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1

1.   Creidiúnóidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14(1) den Rialachán seo de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 15 2

2.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás a choimeádfaidh liosta cothrom le dáta de na comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta ainmnithe sin an liosta sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin oifigiúil rialtais. Féadfaidh Ballstát a chinneadh go bhfuil an dualgas sin le comhlíonadh ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 15 3

3.   Faoin 31 Márta gach bliain, tabharfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe dá dtagraítear i mír 1 fógra don Choimisiún faoi liosta na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe, mar aon le gach faisnéis teagmhála ábhartha.

Airteagal 15 4

4.   I gcás nach leagtar síos sa Rialachán seo aon fhorálacha sonracha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 15 5

5.   Gan dochar d’Airteagal 16, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a bhunú le haghaidh creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R1030
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.