+Airteagal 3 Raon feidhme an mhaolaithe
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3

Airteagal 3 Raon feidhme an mhaolaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1

1.   Airteagal 5(1) agus Airteagal 6(1) de Threoir 2002/58/CE, ní bheidh feidhm acu maidir le rúndacht cumarsáide a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann soláthraithe ar shonraí pearsanta agus sonraí eile i dtaca le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a sholáthar ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is fíor an méid seo a leanas maidir leis an bpróiseáil:

(i)

tá fíorghá léi chun teicneolaíocht shonrach a úsáid chun na críche ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhrath agus a bhaint agus é a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí agus sirtheoireacht leanaí a bhrath agus a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí, agus chun na críche sin amháin;

(ii)

gan a bheith curtha i bhfeidhm í maidir le cumarsáid idirphearsanta a gcuirtear, ar cuireadh nó a gcuirfear criptiú ó cheann go ceann i bhfeidhm maidir léi;

(iii)

tá sí comhréireach agus teoranta do theicneolaíochtaí a úsáideann soláthraithe chun na gcríoch a leagtar amach i bpointe (i);

(iv)

tá sí teoranta do shonraí inneachair agus sonraí tráchta gaolmhara a bhfuil fíorghá leo chun na gcríoch a leagtar amach i bpointe (i);

(v)

tá sí teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na gcríoch a leagtar amach i bpointe (i);

(b)

tá na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun na gcríoch a leagtar amach i bpointe (a)(i) den mhír seo i gcomhréir leis an úrscothacht atá in úsáid sa tionscal agus is iad na teicneolaíochtaí is lú iad lena gcuirtear isteach ar an bpríobháideachas, lena n-áirítear maidir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, a mhéid a úsáidtear iad chun téacs i gcumarsáid a scanadh, ní féidir leo substaint inneachar na cumarsáide a bhaint de thátal as agus ní féidir a dhéanamh leo ach patrúin a bhrath lena dtugtar le fios go bhféadfadh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bheith ann;

(c)

i leith aon teicneolaíocht shonrach a úsáidtear chun na gcríoch a leagtar amach i bpointe (a)(i) den mhír seo, rinneadh measúnú tionchair roimh ré ar chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 agus nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán sin;

(d)

maidir le teicneolaíocht nua, rud a chiallaíonn teicneolaíocht a úsáidtear chun na críche ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhrath nár bhain aon soláthraí úsáid aisti i ndáil le seirbhísí a soláthraíodh d’úsáideoirí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (‘úsáideoirí’) san Aontas roimh an 31 Iúil 2026, agus maidir le teicneolaíocht a úsáideadh chun na críche sirtheoireacht fhéideartha leanaí a shainaithint, tuairiscíonn an soláthraí ar ais don údarás inniúil maidir leis na bearta a rinneadh chun a léiriú go bhfuil comhairle i scríbhinn arna heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Rialachán (AE) 2016/679 á comhlíonadh ag an údarás inniúil maoirseachta arna ainmniú de bhun Chaibidil VI, Roinn 1, den Rialachán sin (‘údarás maoirseachta’) le linn an nós imeachta réamhchomhairliúcháin.

(e)

tá na teicneolaíochtaí a úsáidtear iontaofa go leor sa chaoi a dteorannaíonn siad a mhéid is féidir an ráta earráide i dtaca le hinneachar arb é atá ann mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus, i gcás ina dtarlaíonn earráidí den sórt sin ó am go chéile, ceartaítear a n-iarmhairtí gan mhoill;

(f)

tá na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun patrúin fhéideartha sirtheoireachta leanaí a bhrath teoranta d’úsáid na bpríomhtháscairí ábhartha agus do thosca riosca arna sainaithint go hoibiachtúil amhail difríocht aoise agus an bhaint is dócha a bheith ag leanbh leis an gcumarsáid scanta, gan dochar don cheart chun athbhreithniú daonna;

(g)

is fíor an méid seo a leanas maidir leis na soláthraithe:

(i)

tá nósanna imeachta inmheánacha bunaithe acu chun mí-úsáid sonraí pearsanta agus sonraí eile, rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta agus sonraí eile, agus aistrithe neamhúdaraithe de shonraí pearsanta agus sonraí eile, a chosc;

(ii)

áirithíonn siad maoirseacht dhaonna ar an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta agus sonraí eile le teicneolaíochtaí a thagann faoin Rialachán seo agus, i gcás inar gá, idirghabháil dhaonna i bpróiseáil na sonraí sin;

(iii)

áirithíonn siad nach ndéantar ábhar nár sainaithníodh roimhe sin mar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne nó sirtheoireacht leanaí a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí gan deimhniú ó dhuine a fháil roimh ré;

(iv)

tá nósanna imeachta agus sásraí iomchuí bunaithe acu chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí gearáin a thaisceadh leo laistigh de thréimhse ama réasúnta chun a dtuairimí a chur i láthair;

(v)

cuireann siad úsáideoirí ar an eolas ar bhealach soiléir, feiceálach agus sothuigthe gur agair siad, i gcomhréir leis an Rialachán seo, an maolú ar Airteagal 5(1) agus Airteagal 6(1) de Threoir 2002/58/CE maidir le rúndacht cumarsáide úsáideoirí chun na gcríoch a leagtar amach i bpointe (a)(i) den mhír seo, agus chun na gcríoch sin amháin, faoin loighic atá taobh thiar de na bearta a ghlac siad faoin maolú agus faoin tionchar ar rúndacht cumarsáide úsáideoirí, lena n-áirítear an fhéidearthacht go roinntear sonraí pearsanta le húdaráis forfheidhmithe dlí agus le heagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí;

(vi)

cuireann siad an méid seo a leanas in iúl d’úsáideoirí, i gcás inar baineadh a n-inneachar nó ina ndearnadh a gcuntas a bhlocáil nó inar cuireadh seirbhís a thairgtear dóibh ar fionraí:

(1)

na bealaí chun sásamh a lorg uathu;

(2)

an deis chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta; agus

(3)

an ceart chun leigheas breithiúnach a fháil;

(vii)

faoin 1 Feabhra 2027, agus faoin 31 Eanáir gach bliain ina dhiaidh sin, déanann siad tuarascáil a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maoirseachta agus faoi bhráid an Choimisiúin maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:

(1)

cineál agus méideanna na sonraí a phróiseáiltear;

(2)

an foras sonrach a bhfuiltear ag brath air don phróiseáil de bhun Rialachán (AE) 2016/679;

(3)

an foras a bhfuiltear ag brath air chun sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Aontas de bhun Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, i gcás inarb infheidhme,

(4)

líon na gcásanna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh, agus idirdhealú á dhéanamh idir ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne agus sirtheoireacht leanaí;

(5)

líon na gcásanna inar thaisc úsáideoir gearán leis an sásra sásaimh inmheánaigh nó le húdarás breithiúnach agus toradh na ngearán sin;

(6)

líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) na dteicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear;

(7)

na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus an ráta earráide a bhaintear amach leo;

(8)

an beartas coinneála agus na coimircí cosanta sonraí a chuirtear i bhfeidhm de bhun Rialachán (AE) 2016/679;

(9)

ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí ar roinneadh sonraí leo de bhun an Rialacháin seo;

(h)

i gcás inar sainaithníodh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta, déantar na sonraí inneachair agus na sonraí tráchta gaolmhara a phróiseáiltear chun na gcríoch a leagtar amach i bpointe (a)(i), agus sonraí pearsanta a ghintear trí phróiseáil den sórt sin, a stóráil ar bhealach slán, chun na gcríoch seo a leanas, agus chun na gcríoch seo a leanas amháin:

(i)

an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta a thuairisciú gan mhoill d’údaráis inniúla forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí;

(ii)

cuntas an úsáideora lena mbaineann a bhlocáil nó soláthar na seirbhíse don úsáideoir lena mbaineann a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh;

(iii)

síniú digiteach uathúil neamh-ath-intiontaithe (‘hais’) a chruthú de shonraí a shainaithnítear go hiontaofa mar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne;

(iv)

cur ar chumas an úsáideora lena mbaineann sásamh a lorg ón soláthraí nó athbhreithniú riaracháin nó leigheasanna breithiúnacha a fháil ar ábhair a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta; nó

(v)

freagairt d’iarrataí arna n-eisiúint ag údaráis inniúla forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha i gcomhréir leis an dlí is infheidhme chun na sonraí is gá a sholáthar dóibh chun cionta coiriúla a leagtar amach i dTreoir 2011/93/AE a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;

(i)

ní stóráiltear na sonraí níos faide ná mar is fíorghá chun na gcríoch ábhartha a leagtar amach i bpointe (h) agus, in aon chás, tráth nach faide ná 12 mhí ón dáta ar sainaithníodh an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta;

(j)

déantar gach cás ina bhfuil amhras réasúnaithe agus fíoraithe ann i dtaobh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a thuairisciú gan mhoill do na húdaráis náisiúnta inniúla forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí.

Airteagal 3 2

2.   Go dtí an 1 Aibreán 2027, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (c), maidir le soláthraithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

bhí úsáid á baint acu as teicneolaíocht shonrach roimh an 31 Iúil 2026 chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1, pointe (a)(i), gan nós imeachta réamhchomhairliúcháin a bheith curtha i gcrích acu i leith na teicneolaíochta sin;

(b)

tosaíonn siad nós imeachta réamhchomhairliúcháin roimh an 1 Meán Fómhair 2026; agus

(c)

comhoibríonn siad go cuí leis an údarás inniúil maoirseachta i dtaca leis an nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear i bpointe (b).

Airteagal 3 3

3.   Go dtí an 1 Aibreán 2027, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (d), maidir le soláthraithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

bhí úsáid á baint acu as teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), roimh an 31 Iúil 2026 gan nós imeachta réamhchomhairliúcháin a bheith curtha i gcrích acu i leith na teicneolaíochta sin;

(b)

tosaíonn siad nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), roimh an 1 Meán Fómhair 2026; agus

(c)

comhoibríonn siad go cuí leis an údarás inniúil maoirseachta i dtaca leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (d).

Cuirfear na sonraí a áirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, pointe (g)(vii), ar fáil i scríbhinn trí bhíthin foirm chaighdeánach. Faoin 1 Samhain 2026, cinnfidh an Coimisiún ábhar agus cur i láthair na foirme sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Agus é sin á dhéanamh aige, féadfaidh an Coimisiún na catagóirí sonraí a liostaítear i mír 1, pointe (g)(vii), a roinnt ina bhfochatagóirí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R1881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.