+Airteagal 3 Teagmhais shuntasacha
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
|
Airteagal 3 Teagmhais shuntasacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. Measfar teagmhas a bheith suntasach chun críocha Airteagal 23(3) de Threoir (AE) 2022/2555 maidir leis na heintitis ábhartha i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
|
(a)
|
tá an teagmhas ina chúis le caillteanas airgeadais don eintiteas ábhartha, nó d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le caillteanas díreach airgeadais don eintiteas ábhartha, ar caillteanas é atá níos mó ná EUR 500 000 nó 5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an eintitis ábhartha sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is ísle;
|
|
(b)
|
tá an teagmhas ina chúis le rúin trádála a sceitheadh mar a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/943 ón eintiteas ábhartha nó d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis leis sin;
|
|
(c)
|
tá an teagmhas ina chúis le bás duine nádúrtha nó d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le bás duine nádúrtha;
|
|
(d)
|
tá an teagmhas ina chúis le damáiste suntasach do shláinte duine nádúrtha nó d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le damáiste suntasach do shláinte duine nádúrtha;
|
|
(e)
|
tharla rochtain rathúil a mheastar a bheith mailíseach agus neamhúdaraithe ar chórais gréasán agus faisnéise, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le mórshuaitheadh oibríochtúil;
|
|
(f)
|
comhlíonann an teagmhas na critéir a leagtar amach in Airteagal 4;
|
|
(g)
|
comhlíonann an teagmhas ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar amach in Airteagail 5 go 14.
|
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Ní mheasfar gur teagmhais shuntasacha iad bristeacha sceidealta seirbhíse ná iarmhairtí pleanáilte oibríochtaí cothabhála sceidealta a dhéanann na heintitis ábhartha nó a dhéantar thar a gceann.
|
|
Airteagal 3 3
|
3. Agus an líon úsáideoirí a raibh tionchar ag teagmhas orthu á ríomh chun críoch Airteagail 7, agus 9 go 14, cuirfidh na heintitis ábhartha na nithe uile seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
an líon custaiméirí a bhfuil conradh acu leis an eintiteas ábhartha lena ndeonaítear rochtain dóibh ar chórais gréasán agus faisnéise nó ar sheirbhísí gréasán agus faisnéise an eintitis ábhartha a thairgeann na córais gréasán agus faisnéise sin nó atá inrochtana tríothu;
|
|
(b)
|
an líon daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil baint acu le custaiméirí gnó a úsáideann córais gréasán agus faisnéise na n-eintiteas nó seirbhísí a thairgeann na córais gréasán agus faisnéise sin nó atá inrochtana tríothu.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2690
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|