+Airteagal 5 Pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.

Airteagal 5 Pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh plean iomchuí le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil i bhfeidhm agus cuirfear chun feidhme é le haghaidh gach calafoirt tar éis comhairliúcháin a dhéanamh leis na páirtithe ábhartha, lena n-áirítear, go háirithe, le húsáideoirí calafoirt nó a gcuid ionadaithe, agus, i gcás inarb iomchuí le húdaráis inniúla áitiúla, oibreoirí saoráidí glactha calafoirt, eagraíochtaí a chuireann na hoibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora chun feidhme agus le hionadaithe den tsochaí shibhialta. Ba cheart na comhairliúcháin sin a dhéanamh le linn dhréachtú tosaigh an phlean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil agus tar éis a ghlactha, go háirithe i gcás ina bhfuil athruithe suntasach tarluithe, i ndáil leis na ceanglais in Airteagal 4, Airteagal 6 agus Airteagal 7.

Leagtar amach na ceanglais mhionsonraithe maidir le forbairt an phlean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil in Iarscríbhinn 1.

Airteagal 5 2.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear in iúl go soiléir an fhaisnéis seo a leanas ón bplean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil maidir leis an bhfáil atá ar shaoráidí glactha calafoirt leordhóthanacha ina gcuid calafort agus struchtúr na gcostas d’oibreoirí na long agus go mbeidh fáil shorochtana ag an bpobal ar an bhfaisnéis sin i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit sin ina bhfuil an calafort lonnaithe agus, i gcás inarb ábhartha, i dteanga a úsáidtear go hidirnáisiúnta:

(a) 

suíomh na saoráidí glactha calafoirt is infheidhme maidir le gach beart feistithe, agus, i gcás inarb ábhartha, na huaireanta oscailte;

(b) 

liosta na dramhaíola ó longa a bhainistíonn an calafort de ghnáth;

(c) 

liosta de phointí teagmhála, de na hoibreoirí saoráidí glactha calafoirt agus de na seirbhísí a chuirtear ar fáil;

(d) 

tuairisc ar na nósanna imeachta maidir leis an dramhaíl a sheachadadh;

(e) 

tuairisc ar na córas gnóthaithe costas, lena n-áirítear na scéimeanna bainistithe dramhaíola agus na cistí dá dtagraítear in Iarscríbhinn 4, i gcás inarb infheidhme.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chur ar fáil go leictreonach agus coinneofar cothrom le dáta í sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13.

Airteagal 5 3.
Más gá ar chúiseanna éifeachtúlachta, féadfar na pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a fhorbairt i gcomhar le dhá chalafort chomharsanachta nó níos mó sa réigiún geografach céanna, agus gach calafort rannpháirteach go hiomchuí, ar choinníoll go sonrófar an gá atá le saoráidí glactha calafoirt agus an fháil atá orthu le haghaidh gach calafoirt.
Airteagal 5 4.
Déanfaidh na Ballstáit an plean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a mheasúnú agus a fhormheas agus áiritheoidh siad go bhformheasfar an athuair é gach 5 bliana, ar a laghad, tar éis a fhormheasta nó tar éis a fhormheasta an athuair, agus tar éis athruithe suntasacha a bheith déanta ar oibriú an chalafoirt. Leis na hathruithe sin féadfar athruithe struchtúracha ar thrácht sa chalafort a bheith san áireamh, forbairt bonneagair nua, athruithe ar an éileamh ar shaoráidí glactha calafoirt agus ar a soláthar, agus teicnící cóireála nua ar bord, ach ní bheidh na hathruithe teoranta dóibhsean.

Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar phlean an chalafoirt le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a chur chun feidhme. Más rud é nach bhfuil aon athrú suntasach tarlaithe i rith na tréimhse 5 bliana dá dtagraítear sa chéad fhomhír déanfar bailíochtú ar na pleananna atá ann faoi láthair a athcheadú.

Airteagal 5 5.
Féadfar calafoirt bheaga neamhthráchtála, nach mbíonn ag tarraingt orthu ach líon beag árthaí áineasa, a dhíolmhú ó mhír 1 go mír 4 más rud é go mbíonn saoráidí glactha an chalafoirt sin comhtháite le córas láimhseála dramhaíola, a ndéanann an bhardais ábhartha iad a bhainistiú ar a son, agus go n-áiritheoidh na Ballstáit san áit ina bhfuil na calafoirt seo lonnaithe go mbeidh fáil ag úsáideoirí na gcalafort sin ar an bhfaisnéis i dtaca leis an gcóras láimhseála dramhaíola.

Cuirfidh na Ballstáit ina bhfuil na calafoirt sin lonnaithe in iúl go leictreonach ainm agus lonnaíocht na gcalafort sin atá i dtrácht sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0883
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.