+Airteagal 6 Réamhfhógra dramhaíola
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.

Airteagal 6 Réamhfhógra dramhaíola

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.

Déanfaidh oibreoir, gníomhaire nó máistir loinge a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE atá ag triall ar chalafort de chuid an Aontais an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Treoir seo (“faisnéis réamhfhógra dramhaíola”) a chomhlánú go beacht agus go cruinn agus cuirfidh sé an fhaisnéis go léir atá inti in iúl don údarás nó don chomhlacht atá ainmnithe chun na críche sin ag an mBallstát ina bhfuil an calafort sin lonnaithe:

(a) 

ar a laghad 24 uair an chloig sula sroichfear an calafort cuarda, más eol dó an calafort staid;

(b) 

a luaithe is eol dó an calafort cuarda, má tá an fhaisnéis sin ar fáil níos lú ná 24 uair an chloig sula sroichfear an calafort; nó

(c) 

ar a dhéanaí tráth an imeachta ón gcalafort roimhe sin, más rud é go mairfidh an t-aistear níos lú ná 24 uair an chloig.

Airteagal 6 2.
Déanfar an fhaisnéis ón réamhfhógra dramhaíola a thuairisciú go leictreonach sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13 den Treoir seo, i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE agus Treoir 2010/65/AE.
Airteagal 6 3.
Beidh an fhaisnéis ón réamhfhógra dramhaíola le fáil ar bord, go leictreonach más féidir, go dtí an chéad chalafort cuarda eile, ar a laghad, agus cuirfear ar fáil í d’údaráis na mBallstát ábhartha arna iarraidh sin dóibh.
Airteagal 6 4.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a dtugtar fógra fúithi de bhun an Airteagail seo a scrúdú agus a chomhroinnt leis na húdaráis forfheidhmithe ábhartha gan mhoill.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0883
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.