+Airteagal 11 Gealltanais cigearachta
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
|
Airteagal 11 Gealltanais cigearachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Déanfaidh gach Ballstát cigireachtaí ar longa a thug cuairt ar a chalafoirt a bheidh comhfhreagrach do 15 %, ar a laghad, do líon iomlán na long aonair a sheas ag a chalafoirt go bliantúil. Mar seo a leanas a dhéanfar líon na long aonair a sheasfaidh sa Bhallstát a ríomh: meánlíon na long a sheas sa Bhallstát le 3 bliana roimhe sin, de réir an chórais faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Déanfaidh na Ballstáit mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh trí longa a roghnú bunaithe ar shásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais. D’fhonn a áirithiú go ndéanfar cigireachtaí a chomhchuibhiú agus chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú agus longa á roghnú le haghaidh cigearachtaí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na gnéithe mionsonraithe maidir le sásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais a shainaithint. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).
|
|
Airteagal 11 3.
|
Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta le haghaidh cigireachtaí ar longa atá lasmuigh de raon feidhme Threoir 2009/59/CE, chun comhréireacht leis an Treoir seo a áirithiú, a mhéid is féidir. Féadfaidh na Ballstáit, le bunú na nósanna imeachta seo, sásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais a chur san áireamh dá dtagraítear i mír 2.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Mura mbeidh údarás ábhartha an Bhallstáit sásta le torthaí na cigireachta, áiritheoidh sé, gan dochar do chur i bhfeidhm na bpionós dá dtagraítear in Airteagal 16, nach bhfágfaidh an long an calafort go dtí go mbeidh a cuid dramhaíola seachadta aici go saoráid glactha calafoirt i gcomhréir le hAirteagal 7.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0883
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|