+Airteagal 18 Nós imeachta maidir le leasuithe
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.

Airteagal 18 Nós imeachta maidir le leasuithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo agus na tagairtí d’ionstraimí EMI sa Treoir seo a leasú a mhéid is gá chun iad a thabhairt i gcomhréir le dlí an Aontais nó chun ar thit amach ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe ag leibhéal EMI, a chur san áireamh.
Airteagal 18 2.
Ina theannta sin, tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19, na hIarscríbhinní a leasú nuair is gá sin chun feabhas a chur ar na socruithe cur chun feidhme agus faireacháin a bhunaítear leis an Treoir seo, go háirithe iad siúd dá bhforáiltear in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 9, chun a áirithiú go dtabharfar fógra faoi dhramhaíl agus go seachadfar í ar bhealach éifeachtach, agus chun a áirithiú go gcuirfear na díolúintí i bhfeidhm mar is ceart.
Airteagal 18 3.
In imthosca eisceachtúla, i gcás ina dtugtar údar cuí leis trí anailís iomchuí arna déanamh ag an gCoimisiún agus chun bagairt thromchúiseach dho-ghlactha ar an muirthimpeallacht a sheachaint, tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19, a mhéid is gá chun an bhagairt sin a sheachaint, ar gníomhartha iad lena leasaítear an Treoir seo ionas nach gcuirfear leasú i bhfeidhm, chun críocha na Treorach seo, ar Choinbhinsiún MARPOL.
Airteagal 18 4.
Déanfar na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear san Airteagal seo a ghlacadh trí mhí ar a laghad roimh dhul in éag na tréimhse arna bunú go hidirnáisiúnta do ghlacadh intuigthe an leasaithe ar Choinbhinsiún MARPOL nó roimh dháta theacht i bhfeidhm beartaithe an leasaithe sin.

Sa tréimhse sula dtiocfaidh gníomh tarmligthe den sórt sin i bhfeidhm, staonfaidh na Ballstáit ó aon tionscnamh a bheartaítear chun an leasú sin a chomhtháthú sa dlí náisiúnta nó chun an leasú a chur i bhfeidhm ar an ionstraim idirnáisiúnta lena mbaineann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0883
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.