|
+Airteagal 7 4. |
Airteagal 7 4.Gan dochar do mhír 1, féadfaidh long dul ar aghaidh go dtí an chéad chalafort cuarda eile gan an dramhaíl a sheachadadh sna cásanna seo a leanas:
(a)
má léirítear san fhaisnéis arna cur ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 agus Iarscríbhinn 3 gurb ann do leorthoilleadh stórála thiomnaithe le haghaidh na dramhaíola ar fad atá carntha agus a charnfar le linn aistear beartaithe na loinge go dtí an chéad chalafort cuarda eile; nó
(b)
má léirítear san fhaisnéis atá ar fáil ar bord long atá lasmuigh de raon feidhme Threoir 2002/59/CE gurb ann do leorthoilleadh stórála thiomnaithe le haghaidh na dramhaíola ar fad atá carntha agus a charnfar le linn aistear beartaithe na loinge go dtí an chéad chalafort cuarda eile; nó
(c)
má théann an long ar ancaire ar feadh níos lú ná 24 uair an chloig nó le linn drochaimsire, murar eisiadh limistéar den sórt sin i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 3(1). Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na heisceachta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na modheolaíochtaí atá le húsáid chun an leoracmhainn stórála thiomnaithe a ríomh a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|