+Airteagal 7 Seachadadh dramhaíola ó longa
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.

Airteagal 7 Seachadadh dramhaíola ó longa

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
Déanfaidh máistir loinge a stadann ag calafort san Aontas, sula bhfágfaidh sé an calafort sin, an dramhaíl ar fad a iompraíodh ar bord a sheachadadh go saoráid glactha calafoirt i gcomhréir leis na noirm sceite iomchuí a leagtar síos i gCoinbhinsiún MARPOL.
Airteagal 7 2.
Tar éis a seachadta, déanfaidh oibreoir na saoráide glactha calafoirt nó údarás an chalafoirt inar seachadadh an dramhaíl an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 (“admháil sheachadta dramhaíola”) a chomhlánú go beacht agus go cruinn agus déanfaidh sé an admháil sheachadta dramhaíola a eisiúint agus a sholáthar, gan moill mhíchuí, don mháistir loinge.

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais sin, a leagtar amach sa chéad fhomhír, i gcalafoirt bheaga ina bhfuil saoráidí gan foireann ná i gcalafoirt iargúlta, ar choinníoll go ndearna an Ballstát ina bhfuil na calafoirt sin lonnaithe ainmneacha agus lonnaíochtaí na gcalafort sin a chur in iúl go leictreonach sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13.

Airteagal 7 3.
Déanfaidh oibreoir, gníomhaire nó máistir loinge a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE roimh imeacht dó, nó a luaithe a fuarthas an admháil sheachadta dramhaíola, an fhaisnéis atá inti a thuairisciú go leictreonach sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13 den Treoir seo, i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE agus Treoir 2010/65/AE.

Beidh an fhaisnéis ón admháil sheachadta dramhaíola seo le fáil ar bord ar feadh 2 bhliain, ar a laghad, i gcás inarb ábhartha, mar aon leis an Leabhar Taifid Ola, an Leabhar Taifid Lasta, an Leabhar Taifid Dramhaíola nó an Plean bainistithe dramhaíola iomchuí, agus cuirfear ar fáil é d’údaráis na mBallstát ábhartha arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 7 4.

Gan dochar do mhír 1, féadfaidh long dul ar aghaidh go dtí an chéad chalafort cuarda eile gan an dramhaíl a sheachadadh sna cásanna seo a leanas:

(a) 

má léirítear san fhaisnéis arna cur ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 agus Iarscríbhinn 3 gurb ann do leorthoilleadh stórála thiomnaithe le haghaidh na dramhaíola ar fad atá carntha agus a charnfar le linn aistear beartaithe na loinge go dtí an chéad chalafort cuarda eile; nó

(b) 

má léirítear san fhaisnéis atá ar fáil ar bord long atá lasmuigh de raon feidhme Threoir 2002/59/CE gurb ann do leorthoilleadh stórála thiomnaithe le haghaidh na dramhaíola ar fad atá carntha agus a charnfar le linn aistear beartaithe na loinge go dtí an chéad chalafort cuarda eile; nó

(c) 

má théann an long ar ancaire ar feadh níos lú ná 24 uair an chloig nó le linn drochaimsire, murar eisiadh limistéar den sórt sin i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 3(1).

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na heisceachta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na modheolaíochtaí atá le húsáid chun an leoracmhainn stórála thiomnaithe a ríomh a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

Airteagal 7 5.

Cuirfidh an Ballstát ceangal ar an long a cuid dramhaíola ar fad a sheachadadh, roimh imeacht di, sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás nach féidir a shuí bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear an fhaisnéis sin atá le fáil go leictreonach sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13 nó in GISIS, go bhfuil saoráidí glactha calafoirt leordhóthanacha le fáil sa chéad chalafort cuarda eile; nó

(b) 

mura fios an chéad chalafort cuarda eile.

Airteagal 7 6.
Beidh feidhm ag mír 4 gan dochar do cheanglais níos déine le haghaidh long arna nglacadh i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0883
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.