+IARSCRÍBHINN II
---+1. Praghsanna
---+2. Aonaid tuairiscithe
---+3. Aonaid tomhais
---+4. Bandaí tomhaltais
---+5. Leibhéal an mhionsonraithe
---+6. Méideanna tomhaltais
|
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN II
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
1. Praghsanna
|
1. Praghsanna Is é a bheidh sna praghsanna iad sin a ghearrtar ar chustaiméirí teaghlaigh agus ar chustaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh a cheannaíonn leictreachas chun a n-úsáide féin.
|
|
2. Aonaid tuairiscithe
|
2. Aonaid tuairiscithe Áireofar sna sonraí gach uile chustaiméir teaghlaigh agus custaiméir neamhtheaghlaigh deiridh a úsáideann leictreachas, ach eisiafar leictreachas a ghineann agus a ídíonn uath-tháirgeoirí ina dhiaidh sin as an gceanglas tuairiscithe.
|
|
3. Aonaid tomhais
|
3. Aonaid tomhais Is é a bheidh sna praghsanna na meánphraghsanna náisiúnta a ghearrtar ar chustaiméirí teaghlaigh agus ar chustaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh. Déanfar praghsanna a shloinneadh san airgeadra náisiúnta in aghaidh na cileavatuaire (kWh). Déanfar praghsanna a ualú de réir an sciar den mhargadh atá ag ghnóthais soláthair leictreachais i ngach banda tomhaltais. Mura bhfuil sé indéanta na meánphraghsanna ualaithe a ríomh, féadfar meánphraghsanna uimhríochtúla a sholáthar. I gceachtar cás, déanfar sciar ionadaíoch den mhargadh náisiúnta a chumhdach sna sonraí.
|
|
4. Bandaí tomhaltais
|
4. Bandaí tomhaltais Bunófar praghsanna ar chóras de bhandaí tomhaltais leictreachais bliantúil caighdeánach.
|
(a)
|
I gcás custaiméirí teaghlaigh, cuirfear na bandaí seo a leanas i bhfeidhm:
|
Banda tomhaltais
|
Tomhaltas bliantúil leictreachais (kWh)
|
|
Íosmhéid
|
Uasmhéid
|
|
Banda DA
|
|
< 1 000
|
|
Banda DB
|
≥ 1 000
|
< 2 500
|
|
Banda DC
|
≥ 2 500
|
< 5 000
|
|
Banda DD
|
≥ 5 000
|
< 15 000
|
|
Banda DE
|
≥ 15 000
|
|
|
|
(b)
|
I gcás custaiméirí deiridh neamhtheaghlaigh, cuirfear na bandaí seo a leanas i bhfeidhm:
|
Banda tomhaltais
|
Tomhaltas bliantúil leictreachais (MWh)
|
|
Íosmhéid
|
Uasmhéid
|
|
Banda IA
|
|
< 20
|
|
Banda IB
|
≥ 20
|
< 500
|
|
Banda IC
|
≥ 500
|
< 2 000
|
|
Banda ID
|
≥ 2 000
|
< 20 000
|
|
Banda IE
|
≥ 20 000
|
< 70 000
|
|
Banda IF
|
≥ 70 000
|
< 150 000
|
|
Banda IG
|
≥ 150 000
|
|
|
|
|
5. Leibhéal an mhionsonraithe
|
5. Leibhéal an mhionsonraithe Áireofar sna praghsanna na muirir go léir a bheidh le híoc: muirir ghréasáin móide an fuinneamh a ídítear, lúide aon lacáistí nó préimheanna, móide aon mhuirir eile (e.g. cíosanna le haghaidh méadar, muirir sheasta). Eisiafar táillí ceangail tosaigh. Tarchuirfear sonraí mionsonraithe mar a shonraítear thíos. (a) Leibhéal an mhionsonraithe is gá do chomhpháirteanna agus fo-chomhpháirteanna Déanfar na praghsanna a fhoroinnt i dtrí phríomh-chomhpháirt agus i bhfo-chomhpháirteanna ar leithligh. Is é an praghas don chustaiméir deiridh le haghaidh leictreachais, de réir an bhanda tomhaltais, ná suim na dtrí phríomh-chomhpháirt: comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin (tarchur agus dáileadh) agus an chomhpháirt ina bhfuil cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir.
|
Comhpháirt agus
Fo-chomhpháirt
|
Tuairisc
|
|
Fuinneamh agus soláthar
|
Áireofar sa chomhpháirt seo na costais seo a leanas a bhaineann leis an úsáideoir deiridh: giniúint, comhiomlánú, fuinneamh cothromaithe, costais fuinnimh arna soláthar, seirbhísí custaiméara, bainistiú iardhíola agus costais soláthair eile.
|
|
Gréasán
|
Áireofar sa phraghas gréasáin na costais seo a leanas a bhaineann leis an úsáideoir deiridh: taraifí tarchuir agus dáileacháin, caillteanais tarchuir agus dáileacháin, costais gréasán, costais seirbhísí iardhíola, costais seirbhíse córas agus costais cíosa le haghaidh méadar agus méadrú.
|
|
Fo-chomhpháirt
|
Déanfar comhpháirt an ghréasáin a fhoroinnt i gcostais tarchuir agus costais an ghréasáin dáileacháin a bhaineann leis an úsáideoir deiridh, mar a leanas:
|
|
|
|
1.
|
Meánsciar coibhneasta na gcostas tarchuir do chustaiméirí teaghlaigh agus meánsciar coibhneasta na gcostas tarchuir do chustaiméirí neamhtheaghlaigh, arna sloinneadh mar chéatadán de na costais iomlána gréasáin.
|
|
|
2.
|
Meánsciar coibhneasta na gcostas dáileacháin do chustaiméirí teaghlaigh agus meánsciar coibhneasta na gcostas tarchuir do chustaiméirí neamhtheaghlaigh, arna sloinneadh mar chéatadán de na costais iomlána gréasáin.
|
|
|
Cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir
|
Is ionann an chomhpháirt seo agus suim na bhfo-chomhpháirteanna uile (cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir) atá liostaithe thíos.
|
|
Fo-chomhpháirt
|
Déanfar na fo-chomhpháirteanna seo a leanas a tharchur mar ítimí aonair i gcás gach banda tomhaltais atá sainithe i bpointe 4.
|
|
|
|
1.
|
Cáin bhreisluacha mar a shainmhínítear í i dTreoir 2006/112/CE.
|
|
|
2.
|
Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le foinsí in-athnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus giniúint CTÉ a chur chun cinn.
|
|
|
3.
|
Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le híocaíochtaí acmhainne, slándáil fuinnimh agus leordhóthanacht giniúna; cánacha ar athstruchtúrú thionscal an ghuail; cánacha ar dháileadh leictreachais; costais tréigthe agus tobhaigh chun údaráis rialála fuinnimh nó oibreoirí margaidh agus oibreoirí córas a mhaoiniú.
|
|
|
4.
|
Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le cáilíocht aeir agus le críocha comhshaoil eile; cánacha ar astaíochtaí CO2 nó gáis cheaptha teasa eile.
|
|
|
5.
|
Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann leis an earnáil núicléach, lena n-áirítear díchoimisiúnú núicléach, cigireachtaí agus táillí ar shuiteálacha núicléacha.
|
|
|
6.
|
Na cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir uile eile nach gcumhdaítear faoi aon cheann de na cúig chatagóir a luadh roimhe seo: tacaíocht do théamh ceantair; táillí fioscacha áitiúla nó réigiúnacha; cúiteamh oileáin; táillí lamháltais a bhaineann le ceadúnais agus táillí i gcás gréasán nó gléasraí eile a chur isteach ar thalamh nó ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach.
|
|
(b) Leibhéal an mhionsonraithe ar bhonn cánachais Déanfar praghsanna a mhiondealú sna trí leibhéal seo a leanas:
|
Leibhéal
|
Tuairisc
|
|
Praghsanna gan cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir a áireamh
|
Ar an leibhéal praghsanna seo, ní áireofar ach comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair agus comhpháirt an ghréasáin.
|
|
Praghsanna gan cáin bhreisluacha (CBL) agus cánacha eile in-aisghabhála a áireamh
|
Ar an leibhéal praghsanna seo, áireofar comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir a mheastar nach bhfuil in-aisghabhála i gcás custaiméirí deiridh neamhtheaghlaigh. I gcás custaiméirí teaghlaigh, ar an leibhéal praghsanna seo, áireofar comhpháirteanna an fhuinnimh agus an ghréasáin, agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir san áireamh, ach eisiatar CBL.
|
|
Praghsanna agus gach cineál cánach san áireamh
|
Ar an leibhéal praghsanna seo, áireofar comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin, agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir uile atá in-aisghabhála agus nach bhfuil in-aisghabhála, lena n-áirítear CBL.
|
|
|
6. Méideanna tomhaltais
|
6. Méideanna tomhaltais Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a tharchur faoin sciar coibhneasta de leictreachas atá i ngach banda tomhaltais ar bhonn na méide iomláine dá dtagraíonn na praghsanna. Déanfar na méideanna tomhaltais bliantúla do gach banda tomhaltais a tharchur uair amháin in aghaidh na bliana, i dteannta shonraí na bpraghsanna don dara seimeastar. Ní bheidh na sonraí níos sine ná dhá bhliain.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.11.2016 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1952
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|