+6. Leibhéal an mhionsonraithe
|
6. Leibhéal an mhionsonraithe
6. Leibhéal an mhionsonraithe Áireofar sna praghsanna na muirir go léir a bheidh le híoc: muirir ghréasáin móide an fuinneamh a ídítear, lúide aon lacáistí nó préimheanna, móide aon mhuirir eile (e.g. cíosanna le haghaidh méadar, muirir sheasta). Eisiafar muirir ceangail tosaigh. Tarchuirfear sonraí mionsonraithe mar a shonraítear thíos. (a) Leibhéal an mhionsonraithe is gá do chomhpháirteanna agus fo-chomhpháirteanna Déanfar na praghsanna a fhoroinnt i dtrí phríomh-chomhpháirt agus i bhfo-chomhpháirteanna ar leithligh. Is é an praghas don chustaiméir deiridh le haghaidh gás nádúrtha, de réir an bhanda tomhaltais, suim na dtrí phríomh-chomhpháirt: comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin (tarchur agus dáileadh) agus an chomhpháirt ina bhfuil cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir.
|
Comhpháirt agus Fo-chomhpháirt
|
Tuairisc
|
|
Fuinneamh agus soláthar
|
Áireofar sa chomhpháirt seo an praghas tráchtearraí a íocann an soláthróir ar ghás nádúrtha nó praghas gáis nádúrtha ag an bpointe a thagann sé isteach sa chóras tarchuir, lena n-áirítear, más infheidhme, na costais seo a leanas a bhaineann leis an úsáideoir deiridh: costais stórais móide costais a bhaineann le gás nádúrtha a dhíol le custaiméirí deiridh.
|
|
Gréasán
|
Áireofar sa phraghas gréasáin na costais seo a leanas a bhaineann leis an úsáideoir deiridh: taraifí tarchuir agus dáileacháin, caillteanais tarchuir agus dáileacháin, costais gréasán, costais seirbhíse iardhíola, costais seirbhíse córas agus costais cíosa le haghaidh méadar agus méadrú.
|
|
Fo-chomhpháirt
|
Déanfar comhpháirt an ghréasáin a fhoroinnt i gcostais tarchuir agus costais an ghréasáin dáileacháin a bhaineann leis an úsáideoir deiridh, mar a leanas:
|
|
1.
|
Meánsciar coibhneasta na gcostas tarchuir do chustaiméirí teaghlaigh deiridh agus meánsciar coibhneasta na gcostas tarchuir do chustaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh, arna sloinneadh mar chéatadán de na costais iomlána gréasáin.
|
|
|
2.
|
Meánsciar coibhneasta na gcostas dáileacháin do chustaiméirí teaghlaigh agus meánsciar coibhneasta na gcostas tarchuir do chustaiméirí neamhtheaghlaigh, arna sloinneadh mar chéatadán de na costais iomlána gréasáin.
|
|
|
Cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir
|
Is ionann an chomhpháirt seo agus suim na bhfo-chomhpháirteanna uile (cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir) atá liostaithe thíos.
|
|
Fo-chomhpháirt
|
Déanfar na fo-chomhpháirteanna seo a leanas a tharchur mar ítimí aonair i gcás gach banda tomhaltais atá sainithe i bpointe 5.
|
|
1.
|
Cáin bhreisluacha faoi mar a shainmhínítear í i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle (1);
|
|
|
2.
|
Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le foinsí in-athnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus giniúint CTÉ a chur chun cinn.
|
|
|
|
|
3.
|
Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le stoc-chairn straitéiseacha, íocaíochtaí acmhainne agus slándáil fuinnimh; cánacha ar dháileadh gáis nádúrtha; costais tréigthe agus tobhaigh chun údaráis rialála fuinnimh nó oibreoirí margaidh agus oibreoirí córas a mhaoiniú.
|
|
|
4.
|
Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le cáilíocht aeir agus le críocha comhshaoil eile; cánacha ar astaíochtaí CO2 nó gáis cheaptha teasa eile.
|
|
|
5.
|
Na cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir uile eile nach gcumhdaítear faoi aon cheann de na ceithre chatagóir a luadh roimhe seo: tacaíocht do théamh ceantair; táillí fioscacha áitiúla nó réigiúnacha; cúiteamh oileáin; táillí lamháltais a bhaineann le ceadúnais agus táillí i gcás gréasán nó gléasraí eile a chur isteach ar thalamh nó ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach.
|
|
(b) Leibhéal an mhionsonraithe ar bhonn cánachais Déanfar praghsanna a mhiondealú sna trí leibhéal seo a leanas:
|
Leibhéal
|
Tuairisc
|
|
Praghsanna gan cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir a áireamh
|
Ar an leibhéal praghsanna seo, ní áireofar ach comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair agus comhpháirt an ghréasáin.
|
|
Praghsanna gan cáin bhreisluacha (CBL) agus cánacha eile in-aisghabhála a áireamh
|
Ar an leibhéal praghsanna seo, áireofar comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir a mheastar nach bhfuil in-aisghabhála i gcás custaiméirí deiridh neamhtheaghlaigh. I gcás custaiméirí teaghlaigh, ar an leibhéal praghsanna seo, áireofar comhpháirteanna an fhuinnimh agus an ghréasáin, agus cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir, ach eisiatar CBL.
|
|
Praghsanna agus gach cineál cánach san áireamh
|
Ar an leibhéal praghsanna seo, áireofar comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin, agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir uile atá in-aisghabhála agus nach bhfuil in-aisghabhála, lena n-áirítear CBL.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.11.2016 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1952
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|