+Airteagal 11 Próiseáil agus stóráil sonraí pearsanta agus rochtain orthu
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.
---+Airteagal 11 9.
---+Airteagal 11 10.
|
Airteagal 11 Próiseáil agus stóráil sonraí pearsanta agus rochtain orthu
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Ní phróiseálfar sonraí pearsanta arna mbailiú le linn ghníomhaíochtaí CAR chun críoch áirithintí a dhéanamh nó ticéid a eisiúint i gcomhair táirgí iompair seachas ar bhealach atá comhoiriúnach leis na críocha seo. Maidir le próiseáil sonraí den sórt sin, glactar le díoltóir córais mar rialaitheoir sonraí i gcomhréir le hAirteagal 2(d) de Threoir 95/46/CE.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Ní phróiseálfar sonraí pearsanta ach a mhéid atá gá le próiseáil chun conradh a shínigh ábhar na sonraí a chomhlíonadh nó d’fhonn bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag ábhar na sonraí sular shínigh sé nó sí an conradh.
|
|
Airteagal 11 3.
|
I gcás go bhfuil catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear faoi Airteagal 8 de Threoir 95/46/CE i gceist, ní phróiseálfar sonraí den sórt sin ach amháin i gcás gur thug ábhar na sonraí a thoiliú nó a toiliú follasach ar bhonn eolasach do phróiseáil na sonraí sin.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Déanfar faisnéis atá faoi rialú díoltóra córais agus a bhaineann le háirithintí inaitheanta ar leith a stóráil as líne laistigh de sheachtó a dó uaire an chloig ón tráth a chríochnaítear an ghné dheireanach den áirithint ar leith agus scriosfar an fhaisnéis sin laistigh de thrí bliana. Ní cheadófar rochtain ar shonraí den sórt sin ach ar chúiseanna gearáin maidir le billeáil amháin.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Ní áireofar, go díreach ná go hindíreach, aitheantas daoine nádúrtha nó, i gcás inar iomchuí, aitheantas eagraíochtaí nó cuideachtaí a bhfuil siad ag gníomhú thar a gceann, in aon sonraí a chuirfidh díoltóir córais ar fáil maidir le margú, áirithintí agus díolachán.
|
|
Airteagal 11 6.
|
Arna iarraidh sin, cuirfidh sínitheoir in iúl don tomhaltóir ainm agus seoladh an díoltóra córais, cuspóirí na próiseála, an t-achar a choimeádfar sonraí pearsanta agus na modhanna atá ar fáil d’ábhar na sonraí maidir lena chearta nó a cearta rochtana a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 11 7.
|
Beidh ábhar na sonraí i dteideal rochtain saor in aisce a fháil ar shonraí a bhaineann leis nó léi, ainneoin an bhfuil na sonraí stóráilte ag an díoltóir córais nó ag an sínitheoir.
|
|
Airteagal 11 8.
|
Tá na cearta a aithnítear san Airteagal seo mar chomhlánú agus mar bhreis ar chearta ábhar na sonraí atá leagtha síos le Treoir 95/46/CE, leis na forálacha náisiúnta ar glacadh leo dá bhun agus leis na forálacha a ghabhann le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí an Comhphobal iontu.
|
|
Airteagal 11 9.
|
Sonrú agus comhlánú ar Threoir 95/46/CE atá i bhforálacha an Rialacháin seo chun na gcríoch a luaitear in Airteagal 1. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, beidh feidhm ag na sainmhínithe sa Treoir sin. I gcás nach bhfuil feidhm ag na forálacha sonracha maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí CAR a leagtar síos san Airteagal seo, beidh an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha na Treorach sin, do na forálacha náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit dá bhun agus d’fhorálacha na gcomhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an Comhphobal.
|
|
Airteagal 11 10.
|
I gcás go n-oibríonn díoltóir córais bunachair sonraí i gcáileanna éagsúla amhail mar CAR nó mar óstach i gcás aerlínte, glacfar bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun nach dtiocfar timpeall ar na rialacha a bhaineann le cosaint sonraí tríd an idirnasc idir na bunachair sonraí, agus chun a áirithiú nach mbíonn rochtain ar shonraí pearsanta ach amháin don chríoch shonrach dár bailíodh iad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0080
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|