|
Imeachtaí saoil
|
Nósanna imeachta
|
Aschur ionchasach faoi réir measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb ábhartha
|
|
Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh
|
Fógra faoi ghníomhaíocht ghnó, cead ar ghníomhaíochta gnó a fheidhmiú, athruithe ar ghníomhaíocht ghnó agus foirceannadh gníomhaíocht ghnó nach mbaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, cé is moite den chéad uair a chláraítear gníomhaíocht ghnó leis an gclár gnó agus, cé is moite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin ag cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE.
|
Deimhniú ar fháil an fhógra nó an athraithe, nó na hiarrata ar chead gníomhaíochta gnó
|
|
|
Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais
|
Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh
|
|
Fostaithe a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais
|
Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh
|
|
Dearbhú cánach corparáide a thíolacadh
|
Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú
|
|
Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí, cé is moite de nósanna imeachta chun conarthaí fostaithe a fhoirceannadh go comhchoiteann
|
Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú
|
|
Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc
|
Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe
|
|
Fógra a thabhairt faoi sholáthraí seirbhísí idirghabhála sonraí
|
Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas
|
|
Clárú mar eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas
|
Deimhniú an chlárúcháin
|