+IARSCRÍBHINN III CLÁIR, PLEANANNA, SPRIOCANNA AGUS BEARTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 10

IARSCRÍBHINN III CLÁIR, PLEANANNA, SPRIOCANNA AGUS BEARTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 10

IARSCRÍBHINN III

CLÁIR, PLEANANNA, SPRIOCANNA AGUS BEARTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 10

(1)   

Na pleananna athchóirithe náisiúnta arna n-ullmhú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1991.

(2)   

Na pleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115.

(3)   

An Cód Dea-Chleachtais Talmhaíochta agus na cláir ghníomhaíochta maidir le criosanna leochaileacha ainmnithe arna nglacadh i gcomhréir le Treoir 91/676/CEE.

(4)   

Na bearta caomhnaithe agus an creat gníomhaíochta tosaíochta arna bhunú le haghaidh láithreáin Natura 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE.

(5)   

Na bearta chun dea-stádas éiceolaíoch agus dea-stádas ceimiceach dobharlach uisce dromchla a bhaint amach agus dea-stádas ceimiceach agus cainníochtúil dobharlach screamhuisce a bhaint amach a áirítear sna pleananna bainistíochta abhantraí arna n-ullmhú i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE.

(6)   

Na bearta um bainistíocht riosca tuile atá a áirítear sna pleananna bainistithe riosca i gcás tuilte arna n-ullmhú i gcomhréir le Treoir 2007/60/CE.

(7)   

Na pleananna um bainistíocht triomaigh dá dtagraítear i Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide.

(8)   

Na cláir ghníomhaíochta náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac.

(9)   

Na straitéisí náisiúnta bithéagsúlachta agus na pleananna gníomhaíochta náisiúnta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht.

(10)   

Na spriocanna a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/841.

(11)   

Na spriocanna a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/842.

(12)   

Na cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir arna n-ullmhú faoi Threoir (AE) 2016/2284 agus na sonraí faireacháin faoi na tionchair a bhíonn ag an truailliú aeir ar éiceachórais arna dtuairisciú faoin Treoir sin.

(13)   

An plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

(14)   

Na measúnuithe riosca agus pleanáil bainistithe riosca tubaiste arna mbunú i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE.

(15)   

Na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2009/128/CE.

(16)   

Na bearta maolaithe agus na bearta laghdúcháin riosca dá dtagraítear sna measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéantar i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE le haghaidh na bpleananna agus na dtionscadal a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an ithir.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L2360
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.