+IARSCRÍBHINN I Gnéithe de na modheolaíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8
|
IARSCRÍBHINN I Gnéithe de na modheolaíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8
IARSCRÍBHINN I
Gnéithe de na modheolaíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun Airteagal 8, áireoidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas sna modheolaíochtaí deimhniúcháin, agus sainiúlachtaí gach gníomhaíochta á gcur san áireamh:
|
(a)
|
an cineál gníomhaíochta agus tuairisc ar na cleachtais agus ar na próisis a chumhdaítear, lena n-áirítear an tréimhse ghníomhaíochta agus an tréimhse faireacháin;
|
|
(b)
|
rialacha maidir leis na linnte aistrithe carbóin agus na foinsí astaíochtaí gáis ceaptha teasa uile de réir bhrí Airteagal 4(1), (2) agus (5) a aithint;
|
|
(c)
|
rialacha maidir leis an mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), in Airteagal 4(2), pointe (a)(i), in Airteagal 4(2), pointí (b)(i) agus (iii), nó in Airteagal 4(5), pointe (a), a ríomh;
|
|
(d)
|
rialacha maidir leis na haistrithe carbóin iomlána dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b), in Airteagal 4(2), pointe (a)(ii), nó in Airteagal 4(5), pointe (b), a ríomh;
|
|
(e)
|
rialacha maidir le hastaíochtaí ithreach LULUCF dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (b)(ii), a ríomh;
|
|
(f)
|
rialacha maidir le hastaíochtaí ithreach talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (iv), a ríomh;
|
|
(g)
|
rialacha maidir le hastaíochtaí GCTbainteach dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c), in Airteagal 4(2), pointe (a)(iii), in Airteagal 4(2), pointe (b)(v), nó in Airteagal 4(5), pointe (c), a ríomh;
|
|
(h)
|
rialacha maidir leis na bonnlínte caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(9) a thabhairt cothrom le dáta agus maidir leis an mbonnlíne a bhaineann go sonrach le gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 4(11) a thabhairt cothrom le dáta;
|
|
(i)
|
rialacha chun éiginnteachtaí a chur san áireamh ar bhealach coimeádach agus cainníochtú á dhéanamh ar bhuanaistrithe carbóin, aistrithe carbóin sealadacha tríd an bhfeirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, agus laghduithe astaíochtaí ithreach dá dtagraítear in Airteagal 4(12);
|
|
(j)
|
rialacha chun na tástálacha breisíochta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a dhéanamh;
|
|
(k)
|
rialacha maidir le faireachán agus rialacha maidir le maolú a dhéanamh ar aon rioscaí sainaitheanta aisiompaithe maidir leis an gcarbón stóráilte dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a);
|
|
(l)
|
rialacha maidir le sásraí dliteanais sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (b), agus Airteagal 6(4), lena n-áirítear rialacha maidir leis an riosca go gclisfeadh ar an sásra dliteanais ábhartha;
|
|
(m)
|
rialacha maidir leis an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 6(5) a chur chun feidhme;
|
|
(n)
|
rialacha maidir le faireachán ar na laghduithe astaíochtaí ithreach dá dtagraítear in Airteagal 6(6);
|
|
(o)
|
rialacha maidir leis na ceanglais íosta inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3);
|
|
(p)
|
rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na comhthairbhí dá dtagraítear in Airteagal 7(4).
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|