+IARSCRÍBHINN II An fhaisnéis íosta atá le háireamh sa deimhniú comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 9

IARSCRÍBHINN II An fhaisnéis íosta atá le háireamh sa deimhniú comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 9

IARSCRÍBHINN II

An fhaisnéis íosta atá le háireamh sa deimhniú comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 9

Áireofar an fhaisnéis íosta seo a leanas sa deimhniú comhlíontachta:

(a)

ainm agus cineál na gníomhaíochta, lena n-áirítear cleachtais agus próisis, agus ainm agus sonraí teagmhála an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí;

(b)

suíomh na gníomhaíochta, lena n-áirítear suíomh sainráite geografach theorainneacha na gníomhaíochta, agus na ceanglais scála mapála 1:5 000 atá ar an mBallstát á n-urramú;

(c)

fad na tréimhse gníomhaíochta, lena n-áirítear an dáta tosaigh agus an dáta deiridh;

(d)

ainm na scéime deimhniúcháin;

(e)

ainm, seoladh agus lógó an chomhlachta deimhniúcháin;

(f)

uimhir uathúil nó cód uathúil an deimhnithe comhlíontachta;

(g)

áit, dáta eisiúna agus tréimhse bhailíochta an deimhnithe comhlíontachta;

(h)

tagairt don mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 8;

(i)

an ghlantairbhe buanaistrithe carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1), nó an ghlantairbhe aistrithe carbóin sealadach dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a), nó an ghlantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (b), nó an ghlantairbhe aistrithe carbóin sealadach dá dtagraítear in Airteagal 4(5);

(j)

aistrithe carbóin faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), nó in Airteagal 4(2), pointe (a)(i), nó in Airteagal 4(5), pointe (a); nó astaíochtaí ithreach faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (b)(i) agus (iii);

(k)

iomlán na n-aistrithe carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b), in Airteagal 4(2), pointe (a)(ii), nó in Airteagal 4(5), pointe (b); nó iomlán na n-astaíochtaí ithreach dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (b)(ii) agus (iv);

(l)

an méadú ar astaíochtaí GCGbainteach díreacha agus indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c), in Airteagal 4(2), pointe (a)(iii), in Airteagal 4(2), pointe (b)(v), agus in Airteagal 4(5), pointe (c);

(m)

miondealú de réir gás, foinsí, linnte carbóin agus stoc maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (j), (k) agus (l);

(n)

fad thréimhse faireacháin na gníomhaíochta;

(o)

méid na bithmhaise a úsáideadh agus cruthúnas go gcomhlíontar léi na ceanglais íosta inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3);

(p)

aon chomhthairbhe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7;

(q)

maidir le feirmeoireacht carbóin, comhthairbhí dá dtagraítear in Airteagal 7(2);

(r)

tagairt d’aon deimhniú idirnáisiúnta nó náisiúnta eile, lena n-áirítear uimhir uathúil nó cód uathúil an deimhnithe comhlíontachta;

(s)

cineál an tsásra dliteanais, ranníocaíocht na gníomhaíochta leis an sásra agus an duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi dhliteanas;

(t)

cainníocht agus bailíocht na n-aonad deimhnithe;

(u)

aon éiginnteachtaí a thagann chun cinn agus cainníochtú á dhéanamh ar aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach i gcomhréir le hAirteagal 4(12).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.