+IARSCRÍBHINN III An fhaisnéis íosta atá le bheith i gclárlann an Aontais agus clárlanna deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12

IARSCRÍBHINN III An fhaisnéis íosta atá le bheith i gclárlann an Aontais agus clárlanna deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12

IARSCRÍBHINN III

An fhaisnéis íosta atá le bheith i gclárlann an Aontais agus clárlanna deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12

Áireofar i gclárlann an Aontais agus i gclárlanna deimhniúcháin an fhaisnéis íosta seo a leanas do gach gníomhaíocht agus do gach aonad deimhnithe:

(a)

ainm agus cineál na gníomhaíochta, agus ainm agus sonraí teagmhála an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí;

(b)

suíomh na gníomhaíochta, lena n-áirítear suíomh sainráite geografach theorainneacha na gníomhaíochta, agus na ceanglais scála mapála 1:5 000 ar an mBallstát á n-urramú;

(c)

fad na tréimhse gníomhaíochta, lena n-áirítear an dáta tosaigh agus an dáta deiridh;

(d)

ainm na scéime deimhniúcháin, an cinneadh ón gCoimisiún lena n-aithnítear an scéim sin dá dtagraítear in Airteagal 13, rialacha agus nósanna imeachta na scéime deimhniúcháin agus liosta na gcomhlachtaí deimhniúcháin arna gceapadh dá dtagraítear in Airteagal 11, agus a tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 14;

(e)

tagairt don mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 8;

(f)

an ghlantairbhe buanaistrithe carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1), an ghlantairbhe aistrithe carbóin sealadach dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a), an ghlantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (b), nó an ghlantairbhe aistrithe carbóin sealadach dá dtagraítear in Airteagal 4(5);

(g)

aon chomhthairbhe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7;

(h)

stádas deimhniúcháin, lena n-áirítear deimhnithe comhlíontachta agus tuarascálacha iniúchta deimhniúcháin agus tuarascálacha iniúchta athdheimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9; cainníocht agus stádas na n-aonad deimhnithe, mar shampla an bhfuil siad eisithe, curtha as feidhm, dulta in éag, curtha ar ceal nó leithdháilte ar mhaolán, agus úsáid deiridh na n-aonad deimhnithe, agus an t-eintiteas a úsáideann na haonaid dheimhnithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.