+IARSCRÍBHINN VI LIOSTA DE NA TÁSCAIRÍ BITHÉAGSÚLACHTA LE hAGHAIDH ÉICEACHÓRAIS FORAOISE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 12(2) AGUS 12(3)

IARSCRÍBHINN VI LIOSTA DE NA TÁSCAIRÍ BITHÉAGSÚLACHTA LE hAGHAIDH ÉICEACHÓRAIS FORAOISE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 12(2) AGUS 12(3)

IARSCRÍBHINN VI

LIOSTA DE NA TÁSCAIRÍ BITHÉAGSÚLACHTA LE hAGHAIDH ÉICEACHÓRAIS FORAOISE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 12(2) AGUS 12(3)

Táscaire

Tuairisc, aonaid, agus modheolaíocht chun an táscaire a chinneadh agus faireachán a dhéanamh air

Adhmad marbh atá ina sheasamh

Tuairisc: Léiríonn an táscaire seo an méid bithmhaise adhmaid neamhbheo atá ina seasamh i bhforaoisí agus i gcoillearnaí eile.

Aonad: m3/ha.

Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Reporting, Springer, 2010, agus ag cur san áireamh an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 i gcomhréir le Treoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.

Adhmad marbh atá ina luí

Tuairisc: Léiríonn an táscaire seo an méid bithmhaise adhmaid neamhbheo atá ina luí ar an talamh i bhforaoisí agus i gcoillearnaí eile.

Aonad: m3/ha.

Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Reporting, Springer, 2010, agus ag cur san áireamh an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 i gcomhréir le Treoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.

Sciar na bhforaoisí ag a bhfuil struchtúr corraoiseach

Tuairisc: Tagraíonn an táscaire seo do sciar na bhforaoisí atá ar fáil do sholáthar adhmaid ina bhfuil struchtúr corraoiseach i bhforaoisí i gcomparáid le struchtúr nach struchtúr corraoiseach é i bhforaoisí.

Aonad: Céatadán na bhforaoisí atá ar fáil do sholáthar adhmaid a bhfuil struchtúr corraoiseach acu.

Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Reporting, Springer, 2010.

Nascacht foraoisí

Tuairisc: Is éard atá i nascacht foraoisí a mhéid is dlúth na limistéir atá faoi chumhdach foraoise. Sainítear í i raon atá idir 0 agus 100.

Aonad: Innéacs.

Modheolaíocht: mar a d’fhorbair FAO, Vogt P., et al., FAO – State of the World’s Forests: Forest Fragmentation [an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta – Staid Foraoisí an Domhain: Ilroinnt ar Fhoraoisí], Tuarascáil Theicniúil JRC, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2019.

Innéacs na n-éan coiteann foraoise

Tuairisc: Leis an táscaire éan foraoise, tugtar tuairisc ar threochtaí i líonmhaireacht na n-éan foraoise coiteann ar fud a réimsí Eorpacha le himeacht ama. Is innéacs ilchodach é a cruthaíodh ó shonraí breathnóireachta ar speicis éan atá ina saintréith de ghnáthóga foraoise san Eoraip. Tá an t-innéacs bunaithe ar liosta sonrach speiceas i ngach Ballstát.

Aonad: Innéacs.

Modheolaíocht: Brlík et al. Long-term and large-scale multispecies dataset tracking population changes of common European breeding birds [Tacar sonraí ilspeiceas fadtéarmach agus mórscála lena rianaítear athruithe daonra éin ghoir Eorpacha choiteanna], Sci Data 8, 21. 2021.

Stoc an charbóin orgánaigh

Tuairisc: Leis an táscaire seo, tugtar tuairisc ar an stoc de charbón orgánach atá san easair agus san ithir mhianrach ag doimhneacht 0 go 30 cm in éiceachórais foraoise.

Aonad: Tonaí carbóin orgánaigh/ha.

Modheolaíocht: mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardal Náisiúnta de Gháis Ceaptha Teasa, agus arna tacú ag an Suirbhé Staidrimh Fráma Limistéir ar Chumhdach/Úsáid Talún (LUCAS) Ithir, Jones A. et al., LUCAS Soil 2022, tuarascáil theicniúil JRC, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021.

An sciar den talamh foraoise ar speicis crann dúchasach is mó atá ann

Tuairisc: An sciar den talamh foraoise agus coillearnach eile ar speicis crann dúchasach is mó (clúdach >50 %) atá iontu

Aonad: Céatadán

Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Reporting, Springer, 2010.

Éagsúlacht speiceas crann

Tuairisc: Déanann an táscaire seo cur síos ar mheánlíon na speiceas crann a fhaightear i limistéir foraoise

Aonad: Innéacs

Modheolaíocht: Bunaithe ar FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Reporting, Springer, 2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.