|
10.
|
Modh tagartha chun sampláil agus anailís a dhéanamh ar an deascadh d’arsanaic, de chaidmiam, de luaidhe, de nicil, de mhearcair agus de hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha
An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15841:2009 Ambient air quality — Standard method for determination of arsenic, cadmium, lead and nickel in atmospheric deposition (‘Aercháilíocht chomhthimpeallach — Modh caighdeánach chun arsanaic, cadmiam, luaidhe agus nicil sa deascadh atmaisféarach a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun an deascadh d’arsanaic, de chaidmiam, de luaidhe agus de nicil a chinneadh.
An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15853:2010 ‘
Ambient air quality — Standard method for determination of mercury deposition
’ (‘Aercháilíocht chomhthimpeallach — Modh caighdeánach chun an deascadh de mhearcair a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun an deascadh de mhearcair a chinneadh.
An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15980:2011 ‘
Air quality — Determination of the deposition of benz[a]anthracene, benzo[b]fluoranthene, benzo[j]fluoranthene, benzo[k]fluoranthene, benzo[a]pyrene, dibenz[a,h]anthracene and indeno[1,2,3-cd]pyrene
’ (‘Aercháilíocht — An deascadh de bheansantraicéin, de bheinsea[b]fluaraintéin, de bheinsea[j]fluaraintéin, de bheinsea[k]fluaraintéin, de bheinsi[a]piréin, de débheans[a,h]antraicéin agus d’indéini[1,2,3-cd]piréin a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun an deascadh de bheinsi[a]piréin agus de hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 9(8) a chinneadh.
|