|
14.
|
Modhanna chun comhdhúile orgánacha so-ghalaithe ar substaintí réamhtheachtaithe ózóin iad, meatán, UFP, BC, a shampláil agus a thomhas, dáileadh méide cáithníní sármhíne, amóinia, mearcair cáithníneach agus mearcair débhlaoscach gásach, aigéad nítreach, léiveaglúcósán agus acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh
In éagmais mhodh caighdeánach EN chun comhdhúile orgánacha so-ghalaithe ar substaintí réamhtheachtaithe ózóin iad, meatán, UFP, BC, a shampláil agus a thomhas, dáileadh méide cáithníní sármhíne, amóinia, mearcair cáithníneach agus mearcair débhlaoscach gásach, aigéad nítreach, léiveaglúcósán agus acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh, féadfaidh na Ballstáit na modhanna samplála agus tomhais a úsáideann siad a roghnú, i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus na cuspóirí tomhais, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach i Roinn 3, Pointe A, agus Roinn 4, Pointe A, d’Iarscríbhinn VII á gcur san áireamh, de réir mar is infheidhme. I gcás ina bhfuil modhanna tomhais tagartha caighdeánacha idirnáisiúnta, EN nó modhanna tomhais tagartha caighdeánacha náisiúnta nó sonraíochtaí teicniúla CEN ar fáil, féadfar iad a úsáid.
|