|
+4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an ceartú i bhfeidhm go cúlghabhálach freisin, nuair is … |
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an ceartú i bhfeidhm go cúlghabhálach freisin, nuair is …
C. Caighdeánú Maidir le truailleáin ghásacha, déanfar an toirt a chaighdeánú ag teocht 293 K agus brú atmaisféarach 101,3 kPa. Maidir le hábhar cáithníneach agus substaintí atá le hanailísiú in ábhar cáithníneach (lena n-áirítear arsanaic, caidmiam, luaidhe, nicil agus beinsi[a]piréin), tagraíonn an toirt shamplála do dhálaí comhthimpeallacha i dtéarmaí teochta agus brú atmaisféaraigh ar dháta na dtomhas. D. Sonraí a aithint go frithpháirteach Le linn dóibh a léiriú go bhfuil an trealamh i gcomhréir leis na ceanglais feidhmíochta maidir leis na modhanna tagartha a liostaítear i bPointe A den Iarscríbhinn seo, glacfaidh na húdaráis agus comhlachtaí inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 5 le tuarascálacha tástála arna n-eisiúint i mBallstáit ar choinníoll go ndéanfar na saotharlanna tástála a chreidiúnú leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha maidir le saotharlanna tástála agus calabrúcháin. Beidh na tuarascálacha mionsonraithe tástála agus torthaí uile na dtástálacha ar fáil d’údaráis inniúla eile nó dá gcomhlachtaí ainmnithe. Léireofar sna tuarascálacha tástála go gcomhlíonann an trealamh na ceanglais feidhmíochta go léir, lena n-áirítear i gcás ina mbaineann roinnt dálaí comhshaoil agus láithreáin go sonrach le Ballstát agus go bhfuil siad lasmuigh de na dálaí ar ina leith a tástáladh agus a cineálcheadaíodh an trealamh cheana i mBallstát eile. E. Feidhmchláir samhaltaithe thagartha maidir le cáilíocht an aeir In éagmais chaighdeán EN maidir le cuspóirí cáilíochta samhaltaithe, féadfaidh na Ballstáit na feidhmchláir samhaltaithe a úsáideann siad a roghnú, i gcomhréir le Pointe F d’Iarscríbhinn V. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|