1. Déanfaidh soláthraí seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear i mír 4 a áireamh, i gcás inarb infheidhme, ina gcuid téarmaí agus coinníollacha forálacha chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid a sheirbhísí le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar an bpobal.
Déanfaidh sé an méid sin ar bhealach dícheallach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus aird chuí á tabhairt i ngach imthoisc ar chearta bunúsacha na n-úsáideoirí agus ag cur san áireamh, go háirithe, tábhacht bhunúsach na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil i sochaí oscailte dhaonlathach, d’fhonn go seachnófar ábhar a bhaint anuas nach ábhar sceimhlitheoireachta é.