2. Caomhnófar an t-ábhar sceimhlitheoireachta agus na sonraí gaolmhara, amhail dá dtagraítear i mír 1, ar feadh thréimhse 6 mhí tar éis dóibh a bhaint anuas nó a dhíchumasú. Ní dhéanfar an t-ábhar sceimhlitheoireachta a chaomhnú, arna iarraidh sin don údarás inniúil nó don chúirt, ar feadh tréimhse shonraithe níos faide ná sin ach amháin i gcás inar gá sin agus chomh fada is gá le haghaidh imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh atá ar siúl, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.