+Airteagal 6 Ábhar agus sonraí gaolmhara a chaomhnú
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
|
Airteagal 6 Ábhar agus sonraí gaolmhara a chaomhnú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Caomhnóidh na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta a baineadh anuas nó a ndearnadh rochtain air a díchumasú de thoradh ordú baint anuas, nó de thoradh bearta sonracha de bhun Airteagail 3 nó 5, chomh maith le haon sonraí gaolmhara a baineadh anuas mar gheall ar ábhar sceimhlitheoireachta den sórt sin a bhaint anuas, agus a bhfuil gá leo maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh nó gearáin a láimhseáil faoi Airteagal 10 i gcoinne cinneadh ábhar sceimhlitheoireachta agus sonraí gaolmhara a bhaint anuas nó rochtain ar an ábhar agus ar na sonraí sin a dhíchumasú; nó
|
|
(b)
|
chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
|
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Caomhnófar an t-ábhar sceimhlitheoireachta agus na sonraí gaolmhara, amhail dá dtagraítear i mír 1, ar feadh thréimhse 6 mhí tar éis dóibh a bhaint anuas nó a dhíchumasú. Ní dhéanfar an t-ábhar sceimhlitheoireachta a chaomhnú, arna iarraidh sin don údarás inniúil nó don chúirt, ar feadh tréimhse shonraithe níos faide ná sin ach amháin i gcás inar gá sin agus chomh fada is gá le haghaidh imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh atá ar siúl, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Áiritheoidh na soláthraithe seirbhísí óstála go bhfuil an t-ábhar sceimhlitheoireachta agus na sonraí gaolmhara arna gcaomhnú de bhun mhír 1 faoi réir coimircí teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí.
Leis na coimircí teicniúla agus eagraíochtúla sin, áiritheofar nach ndéanfar an t-ábhar sceimhlitheoireachta ná sonraí lena mbaineann arna gcaomhnú a rochtain ná a phróiseáil ach chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, agus áiritheofar ardleibhéal slándála i dtaca leis na sonraí pearsanta lena mbaineann. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála athbhreithniú agus nuashonrú ar na coimircí sin i gcás inar gá.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0784
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|