1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo ag soláthraithe seirbhíse óstála agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh pionóis den sórt sin teoranta d’aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar Airteagal 3(3) agus (6), Airteagal 4(2) agus (7), Airteagal 5 (1), (2), (3), (5) agus (6), Airteagail 6, 7, 10 agus 11, Airteagal 14(5), Airteagal 15(1) agus Airteagal 17.
Beidh na pionóis dá dtagraítear sa chéad fhomhír éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Faoin 7 Meitheamh 2022, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh.