+Airteagal 18 Pionóis
---+Airteagal 18 1
---+Airteagal 18 2
---+Airteagal 18 3
|
Airteagal 18 Pionóis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1
|
1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo ag soláthraithe seirbhíse óstála agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh pionóis den sórt sin teoranta d’aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar Airteagal 3(3) agus (6), Airteagal 4(2) agus (7), Airteagal 5 (1), (2), (3), (5) agus (6), Airteagail 6, 7, 10 agus 11, Airteagal 14(5), Airteagal 15(1) agus Airteagal 17.
Beidh na pionóis dá dtagraítear sa chéad fhomhír éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Faoin 7 Meitheamh 2022, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh.
|
|
Airteagal 18 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis inniúla, agus cinneadh á dhéanamh acu ar cheart nó nár cheart pionós a fhorchur agus cineál agus leibhéal na bpionós á gcinneadh acu, na himthosca ábhartha go léir san áireamh, lena n-áirítear:
|
(a)
|
cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe;
|
|
(b)
|
cibé acu an raibh an sárú intinneach nó faillitheach;
|
|
(c)
|
sáruithe atá déanta cheana ag an soláthraí seirbhísí óstála;
|
|
(d)
|
neart airgeadais an tsoláthraí seirbhísí óstála atá faoi dhliteanas;
|
|
(e)
|
leibhéal comhair an tsoláthraí seirbhísí óstála leis na húdaráis inniúla;
|
|
(f)
|
cineál agus méid an tsoláthraí seirbhísí óstála, go háirithe cé acu is micrifhiontar nó fiontar beag nó meánmhéide atá ann;
|
|
(g)
|
a mhéid atá locht ar an soláthraí seirbhísí óstála, agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a rinne an soláthraí seirbhísí óstála chun an Rialachán seo a chomhlíonadh á gcur san áireamh.
|
|
|
Airteagal 18 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ngearrfar pionóis airgeadais suas le 4 % de láimhdeachas iomlán an tsoláthraí seirbhísí óstála don bhliain ghnó roimhe sin as mainneachtain chórasach nó leanúnach oibleagáidí de bhun Airteagal 3(3) a chomhlíonadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0784
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|