+IARSCRÍBHINN V Srianta maidir le formáidí pacáistíochta a úsáid

IARSCRÍBHINN V Srianta maidir le formáidí pacáistíochta a úsáid

IARSCRÍBHINN V

Srianta maidir le formáidí pacáistíochta a úsáid

 

Formáid phacáistíochta

Úsáid shrianta

Sampla léiritheach

1.

Pacáistíocht ghrúpáilte phlaisteach aon úsáide

Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide a úsáidtear ag an díolphointe chun grúpáil a dhéanamh ar earraí a dhíoltar i mbuidéil, cannaí, stáin, potaí, tobáin agus pacáistí a dheartar mar phacáistíocht áise chun cur ar chumas tomhaltóirí níos mó ná táirge amháin a cheannach nó iad a spreagadh chun é sin a dhéanamh. Eisiatar leis sin pacáistíocht ghrúpáilte is gá chun láimhseáil a éascú.

Scannáin chomhthiomsaithe, crapchlúdach

2.

Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide le haghaidh torthaí agus glasraí úra neamhphróiseáilte

Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide le haghaidh níos lú ná 1,5  kg de thorthaí agus glasraí réamhphacáilte úra. Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a shocrú i ndáil leis an srian sin má tá gá léirithe ann caillteanas uisce nó caillteanas borrthachta, guaiseacha micribhitheolaíocha nó suaití fisiciúla nó ocsaídiú, a sheachaint, nó mura bhfuil aon fhéidearthacht eile ann meascadh torthaí agus glasraí orgánacha le torthaí agus glasraí neamhorgánacha a sheachaint i gcomhréir leis na ceanglais i Rialachán (AE) Uimh. 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), maidir le deimhniúchán nó lipéadú, gan costais dhíréireacha eacnamaíocha agus riaracháin a bheith i gceist.

Eangacha, málaí, tráidirí, coimeádáin

3.

Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide

Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide le haghaidh bianna agus deochanna a líontar agus a óltar laistigh den áitreabh in earnáil HORECA, lena n-áirítear na limistéir itheacháin uile laistigh agus lasmuigh d’áit ghnó, a chumhdaítear le táblaí agus stólta, limistéir sheasaimh agus limistéir itheacháin a thairgeann oibreoirí eacnamaíocha éagsúla nó tríú páirtí i gcomhpháirt do na húsáideoirí deiridh chun bia agus deochanna a thomhailt. Díolmhaítear bunaíochtaí in earnáil HORECA nach bhfuil rochtain acu ar uisce óil.

Tráidirí, plátaí agus cupáin indiúscartha, málaí,, boscaí

4.

Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide le haghaidh tarsann, leasaitheach, anlann, uachtar bréige caife, siúcra agus blastáin in earnáil HORECA

Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide in earnáil HORECA, ina mbíonn riar nó díol do dhuine amháin, a úsáidtear le haghaidh tarsann, leasaitheach, anlann, uachtar bréige caife, siúcra agus blastáin, seachas sna cásanna a leanas:

(a)

soláthraítear an phacáistíocht sin in éineacht le bia réamhullmhaithe beir leat atá beartaithe lena chaitheamh láithreach gan aon ullmhú breise ag teastáil;

(b)

tá gá leis an bpacáistíocht sin chun sábháilteacht agus sláinteachas a áirithiú i mbunaíochtaí ina bhfuil riachtanas leighis le haghaidh cúraim atá duineláraithe, amhail ospidéil, clinicí nó tithe altranais.

Saicíní, tobáin, tráidirí, boscaí

5.

Pacáistíocht aon úsáide san earnáil chóiríochta atá beartaithe le haghaidh áirithint aonair

Pacáistíocht aon úsáide le haghaidh cosmaidí, táirgí sláinteachais agus níocháin lena n-úsáid san earnáil chóiríochta, mar a thuairiscítear in NACE Ath. 2 — Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha, nach bhfuil beartaithe ach d’áirithint aonair amháin agus a bhfuil sé beartaithe é a dhiúscairt sula dtagann an chéad aoi eile.

Buidéil seampú, buidéil lóise láimhe agus coirp, saicíní timpeall a bharraí gallúnaí

6.

Málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom

Málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom, ach amháin i gcás málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom a bhfuil gá leo ar chúiseanna sláinteachais nó a sholáthraítear mar phacáistíocht díolacháin le haghaidh bia scaoilte nuair a chuidíonn sin chun cur amú bia a chosc.

Málaí an-tanaí arna gcur ar fáil le haghaidh bulc-earraí grósaera


(1)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.