IARSCRÍBHINN X
Íoscheanglais le haghaidh córais aisíoctha éarlaise
Chun críoch na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:
ciallaíonn ‘oibreoir córais’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a gcuirtear de chúram air córas aisíoctha éarlaise a bhunú nó a oibriú i mBallstát.’
Íoscheanglais ghinearálta le haghaidh córais aisíoctha éarlaise
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíontar na híoscheanglais seo a leanas leis na córais aisíoctha éarlaise a bhunaítear ar a gcríocha:
|
(a)
|
tá oibreoir córais aonair bunaithe nó ceadúnaithe nó, i gcás ina bhfuil níos mó ná oibreoir córais amháin ann, glacfaidh an Ballstát bearta chun comhordú a áirithiú idir na hoibreoirí córais éagsúla;
|
|
(b)
|
le rialachas agus rialacha oibriúcháin gaolmhara an chórais déantar foráil do rochtain chomhionann agus coinníollacha cothroma le haghaidh na n-oibreoirí eacnamaíocha uile ar mian leo teacht chun bheith mar chuid den chóras, ar choinníoll go ndéanann siad pacáistíocht a bhaineann le cineál nó catagóir phacáistíochta a áirítear sa chóras a chur ar fáil ar an margadh;
|
|
(c)
|
tá nósanna imeachta um rialú agus córais tuairiscithe curtha ar bun lena gceadaítear don oibreoir córais sonraí a fháil maidir le bailiú na pacáistíochta a chumhdaítear leis an gcóras aisíoctha éarlaise;
|
|
(d)
|
bunaítear íosleibhéal éarlaise, rud atá leordhóthanach chun na rátaí bailiúcháin a cheanglaítear a bhaint amach;
|
|
(e)
|
bunaítear íoscheanglais maidir le hacmhainneacht airgeadais an oibreora córais lena gceadaítear don oibreoir córais a fheidhmeanna a fheidhmiú;
|
|
(f)
|
is eintiteas dlítheanach neamhbhrabúsach agus neamhspleách an t-oibreoir córais;
|
|
(g)
|
feidhmíonn an t-oibreoir córais róil go heisiach a eascraíonn as rialacha an Rialacháin seo, agus aon ról breise a bhaineann le comhordú agus oibriú an chórais aisíoctha éarlaise arna bhunú ag na Ballstáit;
|
|
(h)
|
comhordaíonn an t-oibreoir córais feidhmiú an chórais aisíoctha éarlaise;
|
|
(i)
|
coimeádann an t-oibreoir córais an méid seo a leanas i scríbhinn:
|
(i)
|
reacht lena mbunaítear eagrú inmheánach an chórais;
|
|
(ii)
|
fianaise ar chóras cistiúcháin an chórais;
|
|
(iii)
|
ráiteas lena gcruthaítear comhlíonadh an chórais leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, chomh maith le haon cheanglas breise a bhunaítear sa Bhallstát ina n-oibríonn sé;
|
|
|
(j)
|
úsáidtear méid leordhóthanach de láimhdeachas bliantúil an oibreora córais d’fheachtais feasachta pobail maidir le bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht;
|
|
(k)
|
soláthraíonn na hoibreoirí córais aon fhaisnéis arna hiarraidh ag údaráis inniúla Ballstáit, ina n-oibríonn an córas, chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na ceanglais san Iarscríbhinn seo;
|
|
(l)
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d’oibleagáid ar dháileoirí deiridh glacadh le pacáistíocht lena ngabhann éarlais an ábhair pacáistíochta agus leis an bhformáid a dháileann siad agus éarlaisí fuascailte a sholáthar d’úsáideoirí deiridh. Nuair a thugtar an phacáistíocht lena ngabhann éarlais ar ais, ach amháin má tá an rochtain chéanna ag úsáideoirí deiridh ar an éarlais a fhuascailt tar éis úsáid a bhaint as an bpacáistíocht lena ngabhann éarlais, trí cheann de na bealaí bailithe lena n-áirithítear athchúrsáil grád bia le haghaidh pacáistíocht bhia agus atá údaraithe chun na críche sin ag na húdaráis náisiúnta.
Níl feidhm ag an oibleagáid sin i gcás nach scaoileann an t-achar dromchla díolacháin le húsáideoirí deiridh pacáistíocht lena ngabhann éarlais a thabhairt ar ais. Mar sin féin, beidh ar dháileoirí deiridh glacadh i gcónaí le tabhairt ar ais phacáistíocht fholamh na dtáirgí a dhíolann siad;
|
|
(m)
|
tá an t-úsáideoir deiridh in ann an phacáistíocht lena ngabhann éarlais a chur ar ais gan gá a bheith le haon earra a cheannach; aisíocfar an éarlais leis an úsáideoir deiridh;
|
|
(n)
|
bíonn lipéadú soiléir ar an bpacáistíocht uile atá le bailiú le córas aisíoctha éarlaise, ionas gur féidir leis na húsáideoirí deiridh a aithint gan stró nach mór an phacáistíocht sin a aischur;
|
|
(o)
|
tá na táillí trédhearcach.
|
I dteannta na n-íoscheanglas, féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a shocrú, de réir mar is iomchuí, chun comhlíonadh chuspóirí an Rialacháin seo a áirithiú, go háirithe chun íonacht na dramhaíola ó phacáistíocht arna bailiú a mhéadú, bruscar a laghdú nó cuspóirí geilleagair chiorclaigh eile a chur chun cinn.
Áiritheoidh na Ballstáit ina bhfuil réigiúin a bhfuil gnó trasteorann ard acu go gceadaítear trí chórais aisíoctha éarlaise pacáistíocht a bhailiú ó chórais aisíoctha éarlaise Ballstát eile ag pointí bailithe ainmnithe agus féachfaidh siad leis an bhféidearthacht a áirithiú éarlais a gearradh ar an úsáideoir deiridh a thabhairt ar ais agus an phacáistíocht á ceannach aige.