+IARSCRÍBHINN XI An plean cur chun feidhme atá le tíolacadh de bhun Airteagal 52(2), pointe (d)

IARSCRÍBHINN XI An plean cur chun feidhme atá le tíolacadh de bhun Airteagal 52(2), pointe (d)

IARSCRÍBHINN XI

An plean cur chun feidhme atá le tíolacadh de bhun Airteagal 52(2), pointe (d)

Beidh an méid seo a leanas sa phlean cur chun feidhme atá le tíolacadh de bhun Airteagal 52(2), pointe (d):

(a)

measúnú ar na rátaí a bhí ann, na rátaí reatha agus na rátaí atá réamh-mheasta i dtaca le hathchúrsáil, líonadh talún agus cóireáil eile ar dhramhaíl ó phacáistíocht agus ar na sruthanna a bhfuil sí comhdhéanta díobh;

(b)

measúnú ar chur chun feidhme pleananna bainistithe dramhaíola agus cláir maidir le dramhaíl a chosc atá i bhfeidhm de bhun Airteagail 28 agus 29 de Threoir 2008/98/CE;

(c)

cúiseanna a measann an Ballstát go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ábalta an sprioc ábhartha a leagtar síos in Airteagal 52(1), pointe (b) nó (d), a bhaint amach laistigh den spriocdháta a leagtar amach iontu agus measúnú ar an síneadh ama is gá chun an sprioc sin a bhaint amach;

(d)

bearta is gá chun na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 52(1), pointe (b) nó (d), den Rialachán seo a bhaint amach, atá infheidhme maidir leis an mBallstát le linn an tsínidh ama, lena n-áirítear ionstraimí eacnamaíocha iomchuí agus bearta eile chun dreasachtaí a sholáthar chun ord na réiteach dramhaíola a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE a chur i bhfeidhm;

(e)

clár ama chun na bearta a shainaithnítear i bpointe (d) a chur chun feidhme, an comhlacht atá freagrach as a gcur chun feidhme a chinneadh agus measúnú ar a rannchuidiú aonair chun na spriocanna is infheidhme a bhaint amach i gcás síneadh ama;

(f)

faisnéis maidir le cistiú le haghaidh bainistiú dramhaíola i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;

(g)

bearta chun cáilíocht na sonraí a fheabhsú, de réir mar is iomchuí, d’fhonn pleanáil níos fearr agus faireachán níos fearr a dhéanamh ar fheidhmíocht i mbainistiú dramhaíola.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.