+Airteagal 4 Díolúintí do sholáthraithe áirithe seirbhísí cearrbhachais
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3

Airteagal 4 Díolúintí do sholáthraithe áirithe seirbhísí cearrbhachais

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1

1.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh soláthraithe seirbhísí cearrbhachais a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, ar bhonn an riosca ísil chruthaithe a thagann as cineál agus, i gcás inarb iomchuí, scála oibríochtaí na seirbhísí sin.

Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

casaíní;

(b)

soláthraithe seirbhísí cearrbhachais arb é a bpríomhghníomhaíocht seirbhísí cearrbhachais ar líne nó seirbhísí gealltóireachta spóirt ar líne a sholáthar, seachas:

(i)

seirbhísí cearrbhachais ar líne arna n-oibriú ag an Stát, cibé acu trí údarás poiblí nó trí fhiontar nó comhlacht arna rialú ag an Stát;

(ii)

seirbhísí cearrbhachais ar líne a mbíonn a n-eagrú, a n-oibriú agus a riar á rialáil ag an Stát.

Airteagal 4 2

2.   Chun críocha mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit faoi mheasúnú riosca ar sheirbhísí cearrbhachais le measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)

bagairtí agus leochaileachtaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, agus tosca maolaitheacha na seirbhísí cearrbhachais;

(b)

na rioscaí atá nasctha le méid na n-idirbheart agus na modhanna íocaíochta a úsáidtear;

(c)

an limistéar geografach ina riartar na seirbhísí cearrbhachais, lena n-áirítear a ngné thrasteorann agus a n-inrochtaineacht ó Bhallstáit eile nó ó thríú tíortha.

Agus na measúnuithe riosca sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á gcur i gcrích, cuirfidh na Ballstáit san áireamh torthaí an mheasúnaithe riosca ar leibhéal an Aontais arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640.

Airteagal 4 3

3.   Bunóidh na Ballstáit gníomhaíochtaí faireacháin rioscabhunaithe nó déanfaidh siad bearta leormhaithe eile chun a áirithiú nach mbainfear mí-úsáid as na díolúintí a dheonaítear de bhun an Airteagail seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas