2. Chun críocha mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit faoi mheasúnú riosca ar sheirbhísí cearrbhachais le measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
bagairtí agus leochaileachtaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, agus tosca maolaitheacha na seirbhísí cearrbhachais;
|
|
(b)
|
na rioscaí atá nasctha le méid na n-idirbheart agus na modhanna íocaíochta a úsáidtear;
|
|
(c)
|
an limistéar geografach ina riartar na seirbhísí cearrbhachais, lena n-áirítear a ngné thrasteorann agus a n-inrochtaineacht ó Bhallstáit eile nó ó thríú tíortha.
|
Agus na measúnuithe riosca sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á gcur i gcrích, cuirfidh na Ballstáit san áireamh torthaí an mheasúnaithe riosca ar leibhéal an Aontais arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640.