Airteagal 41
Forálacha sonracha maidir le hiarratasóirí ar chónaí trí scéimeanna infheistíochta
Sa bhreis ar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid, ar a laghad, bearta feabhsaithe díchill chuí a leagtar amach in Airteagal 34(4), pointí (a), (c), (e) agus (f,) a chur i bhfeidhm maidir le custaiméirí ar náisiúnaigh tríú tír iad atá i mbun iarratas a dhéanamh ar chearta cónaithe i mBallstát mar mhalairt ar aon chineál infheistíochta, lena n-áirítear aistrithe, maoin a cheannach nó a ligean ar cíos, infheistíocht a dhéanamh i mbannaí rialtais, infheistíocht a dhéanamh in eintitis chorparáideacha, tabhartas nó maoiniú a thabhairt do ghníomhaíocht a théann chun leasa an phobail agus ranníocaíochtaí a dhéanamh le buiséad an stáit.