+Airteagal 45 Bearta i ndáil le daoine a scoireann de bheith ina ndaoine atá faoi riteacht pholaitiúil
---+Airteagal 45 1
---+Airteagal 45 2
---+Airteagal 45 3

Airteagal 45 Bearta i ndáil le daoine a scoireann de bheith ina ndaoine atá faoi riteacht pholaitiúil

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 45 1

1.   I gcás nach mbeidh feidhm phoiblí shuntasach curtha ar iontaoibh duine atá faoi riteacht pholaitiúil ag an Aontas, ag Ballstát, ag tríú tír nó ag eagraíocht idirnáisiúnta a thuilleadh, ceanglófar ar eintitis faoi oibleagáid go gcuirfí san áireamh an riosca leanúnach a bhaineann leis an duine sin, mar thoradh ar an bhfeidhm a bhí aige nó aici roimhe sin, agus iad ag déanamh measúnú ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta i gcomhréir le hAirteagal 20.

Airteagal 45 2

2.   Cuirfidh eintitis faoi oibleagáid ceann amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 34(4) i bhfeidhm chun na rioscaí a bhaineann leis an duine atá faoi riteacht pholaitiúil a mhaolú, go dtí go measfar nach ann do na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thuilleadh, ach in aon chás ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí i ndiaidh an trátha a scoirtear d’fheidhm phoiblí shuntasach a chur de chúram ar an duine sin a thuilleadh.

Airteagal 45 3

3.   Beidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear i mír 2 dá réir sin i gcás ina gcuireann eintiteas faoi oibleagáid idirbheart ócáideach i gcrích nó ina dtéann sé i mbun gaolmhaireacht gnó le duine ar chuir an tAontas, Ballstát, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta feidhm phoiblí shuntasach ar a iontaoibh roimhe sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas