Airteagal 72
Ní bheidh i nochtadh faisnéise don FIU de mheon macánta ag eintiteas faoi oibleagáid nó ag fostaí nó stiúrthóir d’eintiteas faoi oibleagáid mar sin i gcomhréir le hAirteagal 69 agus Airteagal 70 sárú ar aon srian ar nochtadh faisnéise arna fhorchur ag conradh nó ag aon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin, agus ní bheidh an t-eintiteas faoi oibleagáid, a stiúrthóirí nó a fhostaithe faoi dhliteanas ar bith fiú in imthosca nárbh eol dóibh go cruinn an bhunghníomhaíocht choiriúil agus is cuma cé acu a tharla nó nár tharla gníomhaíocht choiriúil iarbhír.