+Airteagal 29 Muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile
---+Airteagal 29 1
---+Airteagal 29 2
---+Airteagal 29 3
---+Airteagal 29 4
---+Airteagal 29 5
---+Airteagal 29 6
---+Airteagal 29 7
|
Airteagal 29 Muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1
|
1. Ón 12 Eanáir 2027, ní ghearrfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí aon mhuirir mhalartaithe ar an gcustaiméir ar an bpróiseas malartaithe.
|
|
Airteagal 29 2
|
2. Ón 11 Eanáir 2024 go dtí an 12 Eanáir 2027 féadfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí muirir mhalartaithe laghdaithe a fhorchur ar an gcustaiméir as an bpróiseas malartaithe.
|
|
Airteagal 29 3
|
3. Ní rachaidh na muirir mhalartaithe laghdaithe dá dtagraítear i mír 2 thar na costais a thabhaíonn an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí a bhfuil nasc díreach acu leis an bpróiseas malartaithe lena mbaineann.
|
|
Airteagal 29 4
|
4. Sula ndéanfaidh siad conradh le custaiméir, cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí faisnéis shoiléir ar fáil don chustaiméir ionchasach maidir leis na táillí caighdeánacha seirbhíse agus na pionóis luathfhoirceannta a d’fhéadfaí a fhorchur, chomh maith leis na muirir mhalartaithe laghdaithe a d’fhéadfaí a fhorchur le linn na tréimhse ama dá dtagraítear i mír 2.
|
|
Airteagal 29 5
|
5. I gcás inarb ábhartha, cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí faisnéis ar fáil do chustaiméir maidir le seirbhísí próiseála sonraí lena mbaineann malartú an-chasta nó an-chostasach nó seirbhísí a bhfuil sé dodhéanta aistriú ina leith gan cur isteach suntasach ar ailtireacht na sonraí, na sócmhainní digiteacha nó na seirbhíse.
|
|
Airteagal 29 6
|
6. I gcás inarb infheidhme, cuirfidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 ar fáil go poiblí do chustaiméirí trí roinn thiomnaithe dá suíomh gréasáin nó ar aon bhealach eile atá inrochtana go héasca.
|
|
Airteagal 29 7
|
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shásra faireacháin a bhunú don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar mhuirir mhalartaithe, arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí ar an margadh chun a áirithiú go ndéanfar na muirir mhalartaithe a tharraingt siar agus a laghdú, de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na spriocdhátaí a leagtar síos sna míreanna sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|