+Airteagal 35 Idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí
---+Airteagal 35 1
---+Airteagal 35 2
---+Airteagal 35 3
---+Airteagal 35 4
---+Airteagal 35 5
---+Airteagal 35 6
---+Airteagal 35 7
---+Airteagal 35 8
---+Airteagal 35 9
|
Airteagal 35 Idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35 1
|
1. Maidir le sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte agus caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí:
|
(a)
|
bainfear amach leo, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, coibhéis fheidhmiúil idir seirbhísí próiseála sonraí éagsúla lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse;
|
|
(b)
|
cuirfear feabhas leo ar iniomparthacht sócmhainní digiteacha idir seirbhísí próiseála sonraí éagsúla a chumhdaíonn an cineál céanna seirbhíse;
|
|
(c)
|
éascófar leo, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, coibhéis fheidhmiúil idir seirbhísí próiseála sonraí éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 30(1) lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse;
|
|
(d)
|
ní dhéanfar leo dochar do shlándáil ná do shláine seirbhísí próiseála sonraí agus sonraí;
|
|
(e)
|
beidh siad deartha ar bhealach a fhágann go bhféadfar dul chun cinn teicniúil a dhéanamh agus feidhmeanna nua agus nuálaíocht a chur san áireamh i seirbhísí próiseála sonraí.
|
|
|
Airteagal 35 2
|
2. Maidir le sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte agus caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh idir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí, tabharfar leo aghaidh leordhóthanach ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
gnéithe néal-idir-inoibritheachta na h-idir-inoibritheachta iompair, na h-idir-inoibritheachta comhréirí, na h-idir-inoibritheachta sonraíséimeantacha, na h-idir-inoibritheachta iompraíochta agus na h-idir-inoibritheachta beartas;
|
|
(b)
|
gnéithe iniomparthachta sonraí néil na hiniomparthachta comhréirí sonraí, na hiniomparthachta sonraí séimeantachaagus na hiniomparthachta beartais sonraí;
|
|
(c)
|
gnéithe feidhmchláir néil na hiniomparthachta comhréirí feidhmchláir, na hiniomparthachta treorach feidhmchláir, na hiniomparthachta meiteashonraí feidhmchláir, na hiniomparthachta iompraíochta feidhmchláir agus na hiniomparthachta beartais feidhmchláir.
|
|
|
Airteagal 35 3
|
3. Comhlíonfaidh sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
|
|
Airteagal 35 4
|
4. Tar éis caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta agus Eorpacha agus tionscnaimh féinrialála ábhartha á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíontar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 35 5
|
5. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh bunaithe ar shonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte lena gcumhdófar na ceanglais bhunriachtanacha uile a leagtar síos i míreanna 1 agus 2.
|
|
Airteagal 35 6
|
6. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairimí na n-údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37(5), pointe (h) agus tuairimí comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.
|
|
Airteagal 35 7
|
7. Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.
|
|
Airteagal 35 8
|
8. Chun críche Airteagal 30(3), foilseoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe agus do shonraíochtaí coiteanna i gcomhair idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí i lárstóras um chaighdeáin de chuid an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí.
|
|
Airteagal 35 9
|
9. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|