Airteagal 41
Téarmaí conarthacha eiseamláireacha agus clásail chonarthacha chaighdeánacha
Déanfaidh an Coimisiún, roimh an 12 Meán Fómhair 2025, téarmaí conarthacha eiseamláireacha neamhcheangailteacha maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a fhorbairt agus a mholadh, lena n-áirítear téarmaí maidir le cúiteamh réasúnta agus cosaint rún trádála, agus clásail chonarthacha chaighdeánacha neamhcheangailteacha le haghaidh conarthaí néalríomhaireachta chun cabhrú le páirtithe conarthaí a dhréachtú agus a chaibidil ina bhfuil cearta agus oibleagáidí cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha.