+Airteagal 75 An Rúnaíocht
---+Airteagal 75 1.
---+Airteagal 75 2.
---+Airteagal 75 3.
---+Airteagal 75 4.
---+Airteagal 75 5.
---+Airteagal 75 6.

Airteagal 75 An Rúnaíocht

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 75 1.
Beidh rúnaíocht ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, a sholáthróidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
Airteagal 75 2.
Déanfaidh an rúnaíocht na cúraimí a bheidh uirthi a chomhlíonadh go heisiach faoi threoracha Chathaoirleach an Bhoird.
Airteagal 75 3.
Foireann sin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo a chur i gcrích, beidh sí faoi réir línte tuairiscithe ar leithligh seachas na cinn a bheidh ar an bhfoireann a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
Airteagal 75 4.
I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, meabhrán tuisceana a bhunú agus a fhoilsiú, lena gcuirfear an tAirteagal seo chun feidhme, lena gcinnteofar téarmaí an chomhair eatarthu, agus a bheidh infheidhme maidir le foireann rúnaíocht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo.
Airteagal 75 5.
Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochúil don Bhord.
Airteagal 75 6.

Beidh freagracht ar an rúnaíocht as an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) 

gnó laethúil an Bhoird;

(b) 

an chumarsáid idir comhaltaí an Bhoird, a Cathaoirleach agus an Coimisiún;

(c) 

cumarsáid le hinstitiúidí eile agus leis an bpobal;

(d) 

úsáid modhanna leictreonacha don chumarsáid inmheánach agus sheachtrach;

(e) 

faisnéis ábhartha a aistriú;

(f) 

cruinnithe an Bhoird a ullmhú agus bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leo;

(g) 

tuairimí, cinntí ar réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta agus téacsanna eile a ghlacfaidh an Bord a ullmhú, a dhréachtú agus a fhoilsiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas