+Airteagal 13 Frith-imchéimniú
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
---+Airteagal 13 7.
---+Airteagal 13 8.
|
Airteagal 13 Frith-imchéimniú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, ní dhéanfaidh sé iad a theascadh, a roinnt, a fhoroinnt, a scoilteadh ná a dheighilt trí mhodhanna conarthacha, tráchtála, teicniúla nó ar aon bhealach eile chun teacht timpeall ar na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 3(2). Ní chuirfidh aon chleachtas den sórt sin arna dhéanamh ag gnóthas cosc ar an gCoimisiún é a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(4).
|
|
Airteagal 13 2.
|
Féadfaidh an Coimisiún, agus drochamhras air go bhfuil an gnóthas sin a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige i mbun cleachtais a leagtar síos i mír 1, a cheangal ar an ngnóthas sin aon fhaisnéis a mheasann sé is gá a chur ar fáil chun a chinneadh an raibh an gnóthas sin ag gabháil do chleachtas den sórt sin.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Áiritheoidh an geatóir go ndéanfar oibleagáidí Airteagail 5, 6 agus 7 a chomhlíonadh go hiomlán agus go héifeachtach.
|
|
Airteagal 13 4.
|
Ní ghabhfaidh an geatóir d’aon iompar a dhéanfadh dochar do chomhlíonadh éifeachtach oibleagáidí Airteagail 5, 6 agus 7 beag beann ar cibé acu an iompar de chineál conarthach, tráchtála nó teicniúil é, nó de chineál ar bith eile, nó arb é atá ann teicnící iompraíochta nó dearadh comhéadain a úsáid.
|
|
Airteagal 13 5.
|
I gcás ina bhfuil toiliú riachtanach chun sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil, a thras-úsáid agus a roinnt chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh geatóir na bearta riachtanacha chun úsáideoirí gnó a chumasú an toiliú riachtanach dá gcuid próiseála a fháil go díreach, i gcás ina gceanglaítear an toiliú sin faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó faoi Threoir 2002/58/CE, nó rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas a chomhlíonadh ar bhealaí eile, lena n-áirítear trí shonraí atá anaithnidithe go cuí a sholáthar d’úsáideoirí gnó i gcás inarb iomchuí. Ní dhéanfaidh an geatóir fáil an toilithe sin níos déine don úsáideoir gnó ná mar a bheadh sé i gcás a chuid seirbhísí féin.
|
|
Airteagal 13 6.
|
Ní dhéanfaidh an geatóir díghrádú ar choinníollacha ná ar cháilíocht aon cheann de na croísheirbhísí ardáin a sholáthraítear d’úsáideoirí gnó ná d’úsáideoirí deiridh a bhaineann leas as na cearta nó as na roghanna a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, ná ní dhéanfaidh sé feidhmiú na gceart nó na roghanna sin ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint don úsáideoir deiridh ar bhealach nach bhfuil neodrach, nó neamhspleáchas, cinnteoireacht, nó rogha úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó a threascairt trí struchtúr, trí dhearadh, trí fheidhm nó trí mhodh oibríochta comhéadain úsáideora nó cuid de.
|
|
Airteagal 13 7.
|
I gcás ina dtagann an geatóir timpeall ar aon cheann de na hoibleagáidí in Airteagail 5, 6 nó 7 nó ina ndeánann sé iarracht teacht timpeall orthu ar bhealach a thuairiscítear i míreanna 4, 5 agus 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20 agus gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(2) a ghlacadh chun na bearta a chuirfidh an geatóir lena mbaineann chun feidhme a shonrú.
|
|
Airteagal 13 8.
|
Beidh mír 7 den Airteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagail 29, 30 agus 31.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|