+Airteagal 29 Neamhchomhlíonadh
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.
---+Airteagal 29 7.
|
Airteagal 29 Neamhchomhlíonadh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar amach a chinneadh go bhfuil neamhchomhlíonadh ann (“an cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh”) i gcás ina gcinnfidh sé nach gcomhlíonann an geatóir ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)
aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7;
(b)
bearta arna sonrú ag an gCoimisiún i gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 8(2);
(c)
leigheasanna arna bhforchur de bhun Airteagal 18(1);
(d)
bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 24; nó
(e)
gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25.
Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
|
|
Airteagal 29 2.
|
Féachfaidh an Coimisiún lena chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh laistigh de 12 mhí ón uair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20.
|
|
Airteagal 29 3.
|
Sula nglacfaidh sé an cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, cuirfidh an Coimisiún na réamhchinntí uaidh in iúl don gheatóir lena mbaineann. Sna réamhchinntí sin, míneoidh an Coimisiún na bearta a bhfuil sé á bheartú aige iad a dhéanamh nó na bearta ba cheart don gheatóir iad a dhéanamh, dar leis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí.
|
|
Airteagal 29 4.
|
I gcás ina mbeartaíonn sé cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle le tríú páirtithe.
|
|
Airteagal 29 5.
|
Sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, ordóidh an Coimisiún don gheatóir stopadh agus éirí as an neamhchomhlíonadh laistigh de spriocdháta iomchuí agus míniúcháin a sholáthar ar an mbealach ina mbeartaíonn sé an cinneadh sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 29 6.
|
Soláthróidh an geatóir don Choimisiún tuairisc ar na bearta atá déanta aige chun comhlíonadh an chinnidh maidir le neamhchomhlíonadh a áirithiú.
|
|
Airteagal 29 7.
|
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gan cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, cuirfidh sé deireadh leis na himeachtaí le cinneadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|