+Airteagal 31 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.

Airteagal 31 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 31 1.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nach mó ná 5 % den mheánláimhdeachas domhanda laethúil sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur in aghaidh an lae ar ghnóthais, lena n-áirítear geatóirí i gcás inarb infheidhme, agus ar chomhlachais ghnóthas, arna ríomh ón dáta a socraíodh leis an gcinneadh sin, chun iallach a chur orthu:

(a) 

na bearta a shonraigh an Coimisiún de bhun cinneadh faoi Airteagal 8(2) a chomhlíonadh;

(b) 

an cinneadh de bhun Airteagal 18(1) a chomhlíonadh;

(c) 

faisnéis atá ceart agus iomlán a sholáthar laistigh den teorainn ama a cheanglaítear de bharr iarrata ar fhaisnéis arna déanamh de bhun Airteagal 21;

(d) 

rochtain ar shonraí, ar algartaim agus ar fhaisnéis faoi thástáil mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 21(3) a áirithiú agus míniúcháin orthu sin a sholáthar de réir mar a cheanglaítear le cinneadh de bhun Airteagal 21;

(e) 

géilleadh do chigireacht arna hordú le cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 23;

(f) 

cinneadh lena n-ordaítear bearta idirlinne a dhéanamh de bhun Airteagal 24 a chomhlíonadh;

(g) 

gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25(1) a chomhlíonadh;

(h) 

cinneadh de bhun Airteagal 29(1) a chomhlíonadh.

Airteagal 31 2.
I gcás inar shásaigh na gnóthais, nó na comhlachais ghnóthas, an oibleagáid a bhí beartaithe a fhorfheidhmiú leis an íocaíocht phionósach thréimhsiúil, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena socraítear méid deifnídeach na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla ag figiúr atá níos ísle ná mar a bheadh sé faoin gcinneadh bunaidh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas